Jack Hibberd

drámadóir Astrálach

Drámadóir Astrálach is ea an Dr Jack (John Charles) Hibberd (a rugadh ar an 12 Aibreán 1940 in Warracknabeal, Victoria). Baineann a shaothar le drámaíocht na héigéille agus baineann sé feidhm an-samhlaíoch as béarlagair na tíre.

Infotaula de personaJack Hibberd
Beathaisnéis
Breith12 Aibreán 1940
83 bliana d'aois
Warracknabeal, Victoria Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Melbourne
Coláiste Newman Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmfoclóirí, leabhrógaí, scríbhneoir, file, teangeolaí, dochtúir leighis Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla

Suíomh gréasáinjackhibberd.com Cuir in eagar ar Wikidata

Rinne Hibberd staidéar ar an leigheas in Ollscoil Melbourne agus é ina chónaí i gColáiste Newman, Ollscoil Melbourne. Bhí sé ina imdhíoneolaí cliniciúil in Melbourne idir na blianta 1964 agus 1973, agus lean sé den obair sin tar éis dó tabhairt faoin drámaíocht. Tá sé pósta le Evelyn Krape, aisteoir. Tá beirt chlainne air dá bharr agus beirt eile a rugadh dó i bpósadh roimhe sin.

Bhí dlúthbhaint aige leis an Australian Performing Group agus sa bhliain 1983 bhunaigh sé an Melbourne Writers Theatre. Idir na blianta 2005 agus 2008 bhí sé ina bhall de Bhord na Litríochta den Australia Council for the Arts.

Drámaí agus scríbhneoireacht eile cuir in eagar

Léiríodh a chéad dráma White With Wire Wheels ag Ollscoil Melbourne sa bhliain 1967. An bhliain chéanna bhí dráma beag dá chuid, Three Old Friends, ar an gcéad dráma a léiríodh in Amharclann La Mama.

An dá dhráma is cáiliúla dá chuid is iad Dimboola (1969) agus A Stretch of the Imagination (1972) iad. Bhí an-ghlaoch ar Dimboola riamh ar fud an domhain agus rinneadh scannán de sa bhliain 1979. Léiríodh A Stretch of the Imagination sa Bhreatain, sna Stáit Aontaithe, sa Ghearmáin agus sa tSín. Nuair a léiríodh é in Shanghai sa bhliain 1987 ba é an chéad léiriú de dhráma Astrálach a rinneadh riamh sa tSín é.

Tá úrscéalta, gearrscéalta, filíocht, léirmheasanna agus aistí foilsithe aige freisin.

D’ainneoin a bhfuil déanta ag Hibberd chun drámaíocht dhúchasach na hAstráile a chur chun cinn, níl an t-iomrá céanna leis anois is a bhí.[1]

Rogha saothar cuir in eagar

Drámaí cuir in eagar

  • White With Wire Wheels (1967) in ISBN 0-14-048106-0
  • Three Old Friends (1967)
  • Brain Rot Series - drámaí gearra:
    • Just Before the Honeymoon (1967)
    • One of Nature's Gentlemen (1967)
    • O (1968)
    • This Great Gap of Time (1968)
  • Dimboola (1969) ISBN 91-30-02507-9
  • A Stretch of the Imagination (1972) ISBN 0-86937-019-7
  • Captain Midnight V.C. (1973) – le ceol le Lorraine Milne ISBN 0-86805-020-2
  • The Les Darcy Show (1974)
  • A Toast to Melba (1976)
  • One of Nature's Gentlemen (1976)
  • Mothballs (1981)
  • Lavender Bags (1981)
  • Peggy Sue, Or, The Power of Romance (1982) ISBN 0-86805-001-6
  • Liquid Amber (1982)
  • Squibs, (1984) – gearrdhrámaí do scoileanna ISBN 0-949780-05-7
  • Duets (1989) – cnuasach a bhfuil Glycerine Tears agus The Old School Tie inti
  • Slam Dunk (1996) ISBN 0-86819-483-2

Úrscéalta cuir in eagar

Filíocht cuir in eagar

Ceoldrámaí cuir in eagar

  • The Overcoat (1976) – leagan de “An Cóta Mór,” scéal le Nikolai Gogol. Ceol le Martin Friedel[2]
  • Sin, ceoldráma le seacht ngníomh agus n-idirghníomh pheacúla (1978). An Victoria State Opera a choimisiúnaigh. Ceol le Martin Friedel
  • Smash hit! or a goggle-moggle for Kugel (1980) – dráma le ceol le George Dreyfus[3]
  • Odyssey of a Prostitute (1984) – leagan amhránaíochta de scéal le Maupassant. Ceol le Martin Friedel

Saothair eile cuir in eagar

  • The Barracker's Bible (1983, in éineacht le Garrie Hutchinson) – foclóir de bhéarlagair spóirt na hAstráile ISBN 0-86914-028-0
  • The Great Allergy Detective Book (1995) ISBN 1-86395-103-2

Duaiseanna cuir in eagar

  • State Library Of Victoria Creative Fellowships 2005[4]

Tagairtí cuir in eagar

Le léamh cuir in eagar

McGillick, Paul in Ortrun Zuber-Skerritt (eag.), Jack Hibberd, Australian Playwrights, Rodopi 1998 ISBN 90-5183-003-3: http://books.google.com.au/books?id=S6HtX403kKUC

Naisc sheachtracha cuir in eagar