James Carey (Fíníneach)

Fínín as Baile Átha Cliath ba ea James Carey (184529 Iúil 1883). Bhí Carey i gceannas ar na Invincibles, an dream a bhí freagrach as Dúnmharuithe Pháirc an Fhionnuisce i mBealtaine na bliana 1882, tráth a sádh agus a maraíodh beirt den lucht údaráis ba shinsearaí sa tír ag an am, Thomas Burke agus an Tiarna Cavendish.[1]

Infotaula de personaJames Carey

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1845
Bás1883
37/38 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Ball de

D'iompaigh Carey ina bhrathadóir lena bheatha féin a shábháil agus thug sé fianaise in aghaidh a chomhghleacaithe a chinntigh gur crochadh cúigear acu.

Bhí olc agus fuath as cuimse ag go leor de phobal na hÉireann do Carey. Measadh gur tréas a bhí ann fianaise a thabhairt lena bheatha féin a shábháil agus a chomhghleacaithe a dhamnú.[2]

Feallmharú cuir in eagar

Bhí Carey ar bord loinge ar chósta na hAfraice Theas agus é ag éalú ar deoraíocht i ngan fhios don saol mhór nuair a mharaigh Padaí Mhicheáil Airt é.

Rinneadh ceiliúradh ar bhás Carey ag an am ar fud na hÉireann agus i measc an phobail Ghael-Mheiriceánaigh chomh maith. Moladh mar laoch Padaí mar gur mharaigh sé an brathadóir.[3]

Padaí Mhicheáil Airtː Póstaer chuimhneacháin

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar