Ba phlandálaí Sasanach é Sir James Drax (c. 1609 – 1662) i gcoilíneachtaí Barbadós agus Iamáice. Rugadh Drax i Sasana agus thaistil sé go dtí coilíneacht Bharbadós, ag fáil úinéireacht ar roinnt plandálacha siúcra agus roinnt sclábhaithe Afracacha. Dhíbir ríogaithe Drax ó Bharbadós mar gheall ar é a bheith ina Pharlaiminteoir, cé gur fhill sé i 1651 nuair a cuireadh an t-oileán ar ais chuig rialú na Parlaiminte. D'fhill Drax ar Shasana, áit a bhfuair sé bás i 1662.[1][2] Rachadh sé ar aghaidh ag bunú ríora de phlandálaithe a chnuasaigh saibhreas dóibh féin ar an sclábhaíocht .

Infotaula de personaJames Drax
Beathaisnéis
Bás1662
Gníomhaíocht
Gairmplandálaí Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
CéileMeliora Horton Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteElizabeth Drax, Phalatias Drax, Henry Drax Cuir in eagar ar Wikidata
AthairWilliam Drax
SiblínFrances Drax

Luathshaol agus imirce cuir in eagar

Ba mhac le William Drax, duine uasal as sráidbhaile Finham, i bparóiste Stoneleigh, Warwickshire, é James Drax.[3] Sa bhliain 1627 nuair a bhí James 18 mbliana d'aois, in éineacht le Henry Powell, tháinig sé ar long go Barbadós, i Holetown mar atá inniu ann.[4] Sna 1620idí déanacha, bhí James Drax ar cheann de na himircigh Sasanacha ba luaithe a tháinig go hoileán Barbadós. Tháinig sé féin agus a chompánaigh agus chónaigh siad ar feadh tamaill i bpluais, ag cuardach soláthairtí bia, ag seilg turtar agus muc agus freisin ag glanadh talún chun tobac a phlandáil, rud a tháinig chun bheith ina phríomhtháirge ar an oileán go luath.[5][4]Mhaígh Drax ina dhiaidh sin gur tháinig sé le stoc nach mó ná £300, agus go raibh sé ar intinn aige fanacht ar an oileán go dtí gur chlaochlaigh sé an infheistíocht tosaigh sin isteach i fhortúni talún arbh fhiú £10,000 sa bhliain é i Sasana.[6] Phós sé Meliora Horton i lár nó deireadh na 1630idí arbh as Somerset di. Rugadh a gcéad leanbh, darb ainm James freisin, i 1639, bheadh siad ag dul ar aghaidh go dtí go raibh 6 paists níos mó acu, lena n-áirítear Henry Drax i 1641, athair Henry Drax.[7][4]  Bhí a theaghlach ceangailte le mórúinéirí plandálacha sclábhaithe eile trí phósadh amhail na Codringtons.[4] : 

Plandálaí siúcra cuir in eagar

Faoi dheireadh na 1630idí, bhí cuid mhaith talún carntha ag Drax ar Barbadós, in éineacht lena dheartháir William Drax. Mar gheall ar lagtrá i bpraghsanna tobac, ag deireadh na 1630í bhí deacracht eacnamaíoch nach beag ag coilíneachtaí nuabhunaithe Shasana sa Mhuir Chairib, agus thosaigh coilínigh gheala ag dul i dtreo barra eile. Níorbh é Drax an chéad duine a shaothródh siúcra mar ghnó i mBarbadós, agus bhain an Coirnéal James Holdip an onóir sin. Mar sin féin, ba é Drax an chéad plandálaí chun cána siúcra a chothú go rathúil ar scála mór.[4] Líomhnaítear go raibh Drax ag brath go mór ar shaineolas na hÍsiltíre, ag foghlaim cheird an táirgthe siúcra agus an an scagtha ó lonnaitheoir Ollannach, agus ag iompórtáil trealaimh ón Ísiltír ansin.[8] Cé gur taifeadadh na tuarascálacha seo i bhfad níos déanaí, agus cé go bhfuil conspóid ann faoi rannchuidiú na nOllannach, is dócha gur tháinig ar a laghad cuid den chaipiteal agus de na teicnící táirgthe a úsáideadh i dtrádáil siúcra i mBarbadós go luath ón Ísiltír, a fuair a gcuid. fios gnó agus taithí sa trádáil ó Bhrasaíl na Portaingéile (a bhí coilínithe i bpáirt ag na hOllannaigh i 1630). Léiríonn foinsí gur cuireadh tús le turgnaimh luatha na lonnaitheoirí Barbadós Drax agus daoine eile c. 1640, agus is cinnte go raibh siúcra ag teacht go Londain ón oileán faoi 1643. Tháinig Barbadós chun bheith ina sholáthraí mór don Eoraip go tapa, agus faoi lár na 1650idí, ghlac an siúcra áit an tobac agus gach barr eile mar ghníomhaíocht eacnamaíoch cheannasach an oileáin.[9]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Summary of Individual | Legacies of British Slave-ownership”. www.ucl.ac.uk. Dáta rochtana: 2020-06-05.
  2. Drax family tree”. www.matthewparker.co.uk. Dáta rochtana: 6 July 2020.
  3. George W. Marshall, ed., La Neve’s Pedigrees of the Knights Made by King Charles II., King James II, King William III. and Queen Mary, King William Alone, and Queen Anne, Publications of the Harleian Society, 8 (1873), 76-77; John Mathews and George F. Mathews, eds., Abstract of the Probate Acts in the Prerogative Court of Canterbury, Year Books of Probates, Vol. 1, Part 2 (London, 1902), 145.
  4. 4.0 4.1 4.2 4.3 4.4 Parker (2011). "Sugar barons : family, corruption, empire and war". London: Hutchinson. ISBN 978-0-09-192583-3.  Earráid leis an lua: Invalid <ref> tag; name ":1" defined multiple times with different content
  5. Jerome S. Handler, “Father Antoine Biet’s Visit to Barbados in 1654,” Journal of the Barbados Museum and Historical Society, 32 (1967), 69
  6. Richard Ligon, A True and Exact History of the Island of Barbados (1657), 96.
  7. Matthew Parker - The official website: The Sugar Barons, Panama Fever”. www.matthewparker.co.uk. Dáta rochtana: 2022-04-24.
  8. P.F. Campbell, Some Early Barbadian History (St. Michael, 1993), 239, 248; Thomas Dalby, An Historical Account of the Rise and Growth of the West-India Colonies (1690), 13-14
  9. Larry Dale Gragg, Englishmen Transplanted: The English Colonization of Barbados, 1627-1660 (Oxford: Oxford University Press, 2003), 99-112.