D'úsáid na Maolchinn (Béarla: Roundheads) an téarma Marcach (An Béarla:Cavalier) ar dtús chun achasán a chaitheamh ar lucht tacaíochta an Rí Séarlas I agus a mhac Séarlas II. le linn Chogadh Cathartha Shasana, na hIdir-ríochta, agus na hAthghairme (1642 - c. 1679 ). Ghlac na Ríogaigh féin leis ina dhiaidh sin. Cé gur thagair sé ar dtús do dhearcaí agus iompar polaitiúil agus sóisialta, ar cuid an-bheag í baill éadaigh, bhí sé aitheanta go láidir ina dhiaidh sin le héadaí faiseanta na cúirte ag an am. Is minic a mheastar gur Marcach aircitíopúil é an Prionsa Rupert, ceannasaí ar chuid mhór de marcra Shéarlais.[1]

An Prionsa Rupert le Sir Anthony van Dyck. Measadh gurbh é Rupert an marcach aircitíopúil.

Tagairtí cuir in eagar

  1. I.Manganiello, Stephen C. (2004). The Concise Encyclopedia of the Revolutions and Wars of England, Scotland, and Ireland, 1639-1660. Scarecrow Press. p. 476. ISBN 978-0-8108-5100-9.