Jan Evangelista Purkyně
anatamaí agus fiseolaí Seiceach
Anatamaí agus fiseolaí Seiceach ab ea Jan Evangelista Purkyně (scríofa freisin mar Johannes Evangelist Purkinje; 17 Nollaig 1787 - 28 Iúil 1869).
Bhí sé ar dhuine de na heolaithe is cáiliúla le linn a shaoil. Ba é a mhac an péintéir Karel Purkyně. Bhí a cháil chomh mór sin nach raibh gá ag na daoine litreacha a scríobhadh chuige ó lasmuigh den Eoraip, ach "Purkyně, an Eoraip" a chur ar an chlúdach.
Tá sé curtha i Reilig Náisiúnta na Seice i Vyšehrad, Prág, Poblacht na Seice.