Jeffrey Epstein
Fear gnó agus ciontóir gnéis mór le rá as na Stáit Aontaithe ba ea Jeffrey Epstein (20 Eanáir 1953 – 10 Lúnasa 2019).
(2013) | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | (en) Jeffrey Edward Epstein 20 Eanáir 1953 Brooklyn, New York |
Bás | 10 Lúnasa 2019 66 bliana d'aois Metropolitan Correctional Center, New York City (Stáit Aontaithe Mheiriceá) |
Siocair bháis | Féinmharú cuidithe agus dúnmharú (Crochadh agus tachtadh) |
Áit adhlactha | Reilig Réalta Dháiví |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Institiúid Courant um Eolaíochtaí Matamaiticiúla Cooper Union Ardscoil Lafayette |
Áit chónaithe | Little Saint James Palm Beach Teach Herbert N. Straus |
Gníomhaíocht | |
Gairm | duine den lucht gnó, múinteoir, baincéir |
Fostóir | Bear Stearns Fondúireacht Jeffrey Epstein VI |
Teangacha | Béarla |
Glanfhiúchas | 559 M$ (30 Meitheamh 2019) |
Eile | |
Páirtí | Ghislaine Maxwell |
Athair | Seymour G. Epstein (en) agus Pauline Epstein (en) |
Siblín | Mark Epstein |
Cúiseamh | Gáinneáil ar ghnéas |
Ciontaíodh i | sirtheoireacht prostitution of children (en) (2008) → (carcrú) |
Bhí Epstein ciontaithe in 2008 as coireanna a bhain le striapachas is striapachas leanaí sna 2000idí. Saor ón phríosúin sna 2010idí, bhí sé ciontaithe i sraith cúiseanna eile a bhain le mí-úsáid ghnéis agus mangaireacht ban óg. Chuir Epstein lámh ina bhás féin sa bpríosún i Nua-Eabhrac sa bhliain 2019.
Saol cuir in eagar
Ciontaíodh Epstein i sraith cúiseanna a bhain le mí-úsáid ghnéis agus mangaireacht ban óg.[2] Cláraíodh Epstein mar chiontóir gnéis agus phléadáil sé ciontach i gcás i Florida in 2008 as striapachas a lorg ó chailín sna déaga.
Faoi 2010 bhí a thréimhse príosúnachta curtha isteach aige. É saor arís agus a shaol ag leanúint ar aghaidh mar ba ghnáth. Lean sé ar aghaidh ag gáinneáil cailíní sna 2010idí. D’fhéadfadh líon na n-íospartach a bheith níos mó ná 100.[3]
Gabhadh Epstein i mí Iúil 2019 ar tháillí feidearálacha gáinneála gnéis.[3] Chuir Epstein lámh ina bhás féin sa bpríosún ar 10 Lúnasa 2019.[4]
Oidhreacht cuir in eagar
- Sa bhliain 2021, fuarthas a chara Ghislaine Maxwell ciontach i ngáinneáil ar chailíní óga ar son Epstein
- I mí Iúil 2020, i Nua-Eabhrac, eisíodh cáipéisí a mhaígh go ndearna Epstein iarracht fianaise inchoiritheach ar Phrionsa Andrew a fháil.[5] Dúradh sna páipéir gur chuir Epstein brú ar chailín faoi aois caidreamh collaí a thosú leis an Phrionsa ar oileán príobháideach in Oileáin Mheiriceánacha na Maighdean.[6] Níor séanadh go raibh an prionsa cairdiúil le Epstein ach séanann sé go raibh sé páirteach in aon chuid de na heachtraí mídhleathacha a bhain leis na cailíní óga.[2][7] Faoi dheireadh bhí socrú déanta lasmuigh den chúirt idir Andrew agus Virginia Giuffre. Gheall Andrew go léireoidh sé aiféala as an gceangal a bhí aige leis an bhfear mór airgid, Jeffrey Epstein; go labhróidh sé amach in aghaidh gháinneáil ar ghnéas agus go dtacóidh sé leis na híospartaigh ar fad a d'fhulaing dá bharr.[8]
- Sa bhliain 2023, d'íoc an banc JP Morgan €270 milliún d’íospartaigh Epstein chun cás cúirte a shocraigh. Bhí caidreamh fadtéarmach ag JP Morgan le Epstein.[3] Mhaígh cás cúirte na n-íospartach gur thug JPMorgan neamhaird ar rabhadh arís agus arís eile go raibh Epstein ag gáinneáil cailíní sna déaga agus mná óg
Féach freisin cuir in eagar
Tagairtí cuir in eagar
- ↑ Kat Tenbarge. "Jeffrey Epstein was a featured 'Bachelor of the Month' seeking 'a cute Texas girl' in a 1980 issue of Cosmopolitan" (en-US). Insider. Dáta rochtana: 2023-10-18.
- ↑ 2.0 2.1 Máirín Ní Ghadhra (13 Lúnasa 2021). "Ceist cumhachta agus cos ar bolg é mí-iompar an bheirt Andrew" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-10-18.
- ↑ 3.0 3.1 3.2 "Íocfaidh banc JP Morgan €270 milliún d’íospartaigh Epstein" (en-GB) (2023-06-14). Dáta rochtana: 2023-10-18.
- ↑ RnaG (2019-08-13). "Niall Ó Muilleoir, tráchtaire." (ga-IE). RTE Radio. Dáta rochtana: 2023-10-18.
- ↑ RnaG (2019-11-21). "Seán Ó Cadhain, tráchtaire, Newcastle, An Bhreatain." (ga). RTE Radio. Dáta rochtana: 2023-10-18.
- ↑ Conradh na Gaeilge, Londain (2020-08-01). "1 Lúnasa 2020 (Tír Eoghain) - Nuacht Mhall (podcast)" (ga-IE). Listen Notes. Dáta rochtana: 2023-10-18.
- ↑ Máirín Ní Ghadhra (13 Lúnasa 2021). "Ceist cumhachta agus cos ar bolg é mí-iompar an bheirt Andrew" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-04-16.
- ↑ Nuacht RTÉ (2022-02-15). "Socrú lasmuigh den chúirt idir Andrew agus Virginia Giuffre" (as ga-IE).