Jo Cox
Ba Fheisire Parlaiminte í Jo Cox de chuid Pháirtí an Lucht Oibre sa Bhreatain, a rugadh ar 22 Meitheamh 1974 . Feallmharaíodh í ina toghcheantar féin, i mBirstall, Yorkshire Thiar, tamall gearr roimh an reifreann ar imeacht na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach.[1]
Ainm sa teanga dhúchais | (en) Helen Joanne Cox |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | (en) Helen Joanne Leadbeater 22 Meitheamh 1974 Batley, England |
Bás | 16 Meitheamh 2016 41 bliana d'aois Otharlann Ghinearálta Leeds, England |
Siocair bháis | Dúnmharú (Sádh) |
Ball den 56ú Parlaimint sa Ríocht Aontaithe | |
7 Bealtaine 2015 – 16 Meitheamh 2016 (bás in oifig) Téarma parlaiminte: 56ú Parlaimint na Ríochta Aontaithe Toghcheantar: Batley agus Spen Toghadh i: Olltoghchán na Ríochta Aontaithe 2015 | |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste Pembroke (–1995) London School of Economics Heckmondwike Grammar School (en) |
Teanga dhúchais | Béarla |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Polaitíocht |
Suíomh oibre | Londain |
Gairm | polaiteoir |
Ball de pháirtí polaitíochta | Páirtí an Lucht Oibre |
Teangacha | Béarla |
Teaghlach | |
Céile | Brendan Cox (–2016), bás |
Siblín | Kim Leadbeater |
Croineolaíocht | |
16 Meitheamh 2016 | murder of Jo Cox (en) |
Suíomh gréasáin | jocox.org.uk |
Bhéic an t-ionsaitheoir,Thomas Mair, na focla "Túsáite don Bhreatain" nó 'Britain First' agus é á hionsaí. Chaith sé trí philéar leis an bhfeisire óg sular sháigh sé cúig uaire déag í. Maraíodh í taobh amuigh den leabharlann ina raibh sí ag casadh le muintir an toghcheantair tráthnóna.
Ní raibh de chúis ag Mair an mháthair óg a ionsaí go fíochmhar le gunna agus scian ach gur theastaigh uaidh go bhfágfadh an Bhreatain an tAontas Eorpach agus go raibh an reifreann sin ar siúl ag an am.[2] Bhí caint ainmheasartha san aer ag an am ag brú miotas na ríochta uilechumhachtaí agus bhí tionchar aige sin ar mheon an dúnmharfóra gan dabht.
Gairm cuir in eagar
Toghadh Cox i dtoghchán na bliana 2015.[3] D’fhreastail sí ar Ollscoil Cambridge agus bhíodh sí ina comhairleoir ag Sarah Brown, deirfiúr an iarPhríomh-Aire Gordon Brown, agus an Banbharún Kinnock sular toghadh ina feisire í.
Bhí an feisire Cox ar dhuine den bheagán a labhair amach go hoscailte, bríomhar faoi na buntáistí a bhain an Bhreatain as inimirce.[4]
Chaith Cox a saol i mbun seirbhíse & feachtais ar son daoine eile sa bhaile agus i gcéin. Polaiteoir óg, ar sheol na braiche, máthair beirt chlainne, ba ea Cox. Bean 41 bhliain a bhí í Jo Cox a bhí pósta le Brendan Cox.[5]
Féach freisin cuir in eagar
Tagairtí cuir in eagar
- ↑ RTÉ (2016-06-16). "Stocaireacht an Taoisigh sa Bhreatain ar atráth" (as ga).
- ↑ Póilín Ní Chiaráin. "Bímis cúramach gan a dhul thar fóir leis an drochíde ar pholaiteoirí" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-06-16.
- ↑ "Feisire Parlaiminte tar éis bháis i dtuaisceart Shasana de bharr a hionsaithe" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-06-16.
- ↑ Póilín Ní Chiaráin. "BREXIT: Ní hionann agus polasaí ‘fearg agus faitíos’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-06-16.
- ↑ "MP Jo Cox básaithe tar éis ionsaí gunna agus sceana" (as ga) (2016-06-16).