Joe Locke
Is aisteoir é Joseph William Locke as Oileán Mhanann. Rugadh ar an 24ú Meán Fhómhair 2003 é. Tá cáil aige tar éis príomhpháirt a bheith aige mar Charlie Spring sa sraith Heartstopper ar Netflix.[1]
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | (en) Joseph William Locke 24 Meán Fómhair 2003 21 bliana d'aois Doolish, Oileán Mhanann |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ballakermeen High School (en) |
Gníomhaíocht | |
Gairm | aisteoir, aisteoir teilifíse |
Tréimhse oibre | 2020 – |
Teangacha | Béarla agus Gaeilge Mhanann |
Saothar | |
Saothar suntasach
| |
Gradam a fuarthas
| |
|
Gairm
cuir in eagarGhlac sé páirt sna National Theatre Connections i 2020, chomh maith le léirithe san amharclann Gaiety agus le grúpa óg an ionad ealaíne Kensington.
I mí Aibreáin 2021, fógraíodh go raibh Locke mar an bpríomhpháirt de Charlie Spring sa sraith Heartstopper ar Netflix. Cóiriú is ea é ar úrscéal grafach den ainm céanna le hAlice Oseman.[2] Roghnaíodh é as 10,000 aisteoirí eile tar éis trialach aisteoireachta.[3] Rinne sé páirt dalta 14-15 bhliana d'aois i scoil ghramadaí bhuachaillí.
I mí na Samhna 2022, fógraíodh go raibh sé ag glacadh páirte sa sraith Agatha: Coven of Chaos le Marvel Studios ar Disney+.[4]
Saol pearsanta
cuir in eagarRugadh Joseph William Locke ar 24 Meán Fómhair 2003. D’fhás sé aníos in Doolish, Oileán Mhanann. D’fhreastail sé ar Ardscoil Ballakermeen. Rinne sé staidéar sa pholaitíocht, sa stair agus sa Bhéarla don A-Leibhéal.
Tháinig sé amach mar duine aerach ar Instagram nuair a bhí sé 12 bhliana d'aois. D'inis sé lena mháthair é freisin. Thuig sé nach raibh sé reidh teacht amach don domhan, de bharr scrios sé an phostáil agus níor tháinig sé amach arís go dtí go raibh 15 bhliana d'aois aige.[5]
Scannánliosta
cuir in eagarTeilifís
cuir in eagarBliain | Teideal | Páirt | Nótaí |
---|---|---|---|
2022- | Heartstopper | Charlie Spring | Príomhpháirt |
2024 | Agatha: Coven of Chaos | LE FÓGAIRT |
Amharclann
cuir in eagarBliain | Teideal | Páirt | Láthair |
---|---|---|---|
2022 | The Trials | Noah | Donmar Warehouse |
Gradaim
cuir in eagarBliain | Gradam | Catagóir | Toradh |
---|---|---|---|
2022 | Children's and Family Emmy Awards | Outstanding Lead Performance | Ainmniúchán |
2022 | National Television Awards | Rising Star | Ainmniúchán |
2023 | Queerty Awards | Performance – TV | Buaite |
2023 | WhatsOnStage Awards | Best Professional Debut Performance | Buaite |
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ O'Connor, Rachael (2021-04-21). "Who is in the cast of Netflix’s Heartstopper?". Metro. Dáta rochtana: 2023-08-13.
- ↑ Stroude, Will (2021-04-22). "Heartstopper: Kit Connor and Joe Locke to star in Netflix adaption of gay graphic novel". Attitude. Dáta rochtana: 2023-08-13.
- ↑ "Joe Locke". 1883 Magazine. Dáta rochtana: 2023-08-13.
- ↑ Otterson, Joe (2022-11-01). "‘Heartstopper’ Star Joe Locke Joins ‘WandaVision’ Spinoff ‘Agatha: Coven of Chaos’ for Disney+ (EXCLUSIVE)". Variety. Dáta rochtana: 2023-08-13.
- ↑ Erik Piepenburg (2023-07-29). "They Put the Heart in ‘Heartstopper’" (en-US). The New York Times. Dáta rochtana: 2023-08-13.