John Abercromby, an 5ú Barún Abercromby
Ba shaighdiúir Albanach agus sheandálaí é John Abercromby, an 5ú Barún Abercromby (15 Eanáir 1841 – 7 Deireadh Fómhair 1924).
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 15 Eanáir 1841 |
Bás | 7 Deireadh Fómhair 1924 83 bliana d'aois Dún Éideann, Scotland |
Áit adhlactha | Dean Cemetery (en) |
Ball de Theach na dTiarnaí | |
luach anaithnid | |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Scoil Harrow |
Gníomhaíocht | |
Gairm | antraipeolaí, seandálaí, polaiteoir |
Ball de | |
Gairm mhíleata | |
Brainse míleata | Arm na Breataine |
Eile | |
Teideal uasal | Barún Abercromby |
Céile | Adele von Heidenstern (1876–luach anaithnid) |
Páiste | Edla Abercromby |
Athair | George Abercromby, 3ú Barún Abercromby agus Louisa Penuel Forbes |
Gradam a fuarthas
|
Gairm bheatha
cuir in eagarGeorge Ralph, an 3ú Barún Abercromby Aboukir, a athair agus Louisa Penuel Hay Forbes a mháthair., agus bhí beirt deartháireacha agus deirfiúr aige. Bhí sé ina Leifteanant leis an bhriogáid raidhfil (nó an Rifle Brigade). Bhain sé céim amach ó Ollscoil Dhún Éideann le Dochtúireacht oinigh sa Dlí,(LLD). Ar an 3 Deireadh Fómhair 1917, i ndiaidh báis a dheartháir is sine George, Tháinig sé i gcomharbas ar a athair mar an 5ú Tiarna Abercromby.
Tar éis dó an t-arm a fhágáil sa bhliain 1870, dhírigh sé ar theangacha a fhoghlaim, ar thaisteal, agus ar bhéaloideas. Sa bhliain 1904 chuir sé an an téarma Eascra nó Bíocar (Béarla: Beaker) isteach san fhoclóir seandálaíochta, chun cur síos a dhéanamh ar na soithí óil ón Tréimhse Neoiliteach déanach, ar thángthas orthu ar fud iarthar na hEorpa ag an am. Bhí sé ina leasuachtarán ar Chumann Béaloideasa na hAlban, agus thacaigh sé leis an Society of Antiquaries of Scotland, agus bhí sé ina uachtarán air ón bhliain 1913 go dtí 1918.
Dar le hÉnrí Ó Muirgheasa (Duanaire na Midhe) gurb é an fáth a bhfuil lámhscríbhinní Pheadair Uí Ghealacáin in Ollscoil Dhún Éideann, go bhfuair Abercromby ar iasacht iad agus nár thug ar ais iad, agus gur ag an Ollscoil sin a d’fhág sé a lámhscríbhinní le huacht.
D'fhág sé airgead le huacht, i gcomhair 'Ollúnacht Abercromby um Seandálaíocht' (Béarla: The Abercromby Chair of Archaeology) in Ollscoil Dhún Éideann, post a bhí tógtha ag Vere Gordon Childe agus Stuart Piggott.
Tá sé curtha in Reilig Dean i nDún Éideann ar an taobh thoir, in aice leis an bpríomhbhealach isteach.
Teaghlaigh
cuir in eagarPhós Abercromby a chol ceathrar Sualainneach, Adele Wilhelmina Marika von Heidenstern, ar an 26 Lúnasa 1876. Bhí iníon amháin acu, Edla Louisa Montague Abercromby (r. 1877), a phós Georges N. Nasos sa bhliain 1906. Toisc nach raibh aon mhac aige, chuaigh Barúntacht Abercromby in éag nuair a fuair sé bás.
Oibreacha
cuir in eagar- A trip through the Eastern Caucasus: with a chapter on the languages of the country (London: Edward Stanford, 1889), online
- The earliest list of Russian Lapp words. in: Suomalais-ugrilaisen Seuran Aikakauskirja, 13/2 (1895), 1–8
- The pre- and proto-historic Finns, both Eastern and Western: with the magic songs of the west Finns, Grimm Library, 9-10, 2 vols (London: Nutt, 1898), vol. 1, vol. 1, vol. 2, vol. 2[1]
- A study of the Bronze Age pottery of Great Britain and Ireland and its associated grave-goods, 2 vols (Oxford: Clarendon Press, 1912), vol. 1, vol. 2
Tagairtí
cuir in eagar- thePeerage.com
- 'ABERCROMBY', A Bhí A, A & C Black, 1920-2007; ar líne edn, Oxford University Press, Nollaig 2007
Naisc sheachtracha
cuir in eagar- An Bunachar Náisiúnta Beathaisnéisí Gaeilge http://www.ainm.ie/
- Teimpléad:Internet Archive authorSaothair ag nó faoi John Abercromby, an 5ú Barún Abercromby ag Internet Archive
- Teimpléad:NPG name