John Beag Ó Flatharta
Is amhránaí agus craoltóir Éireannach as Leitir Mealláin é John Beag Ó Flatharta. Thosaigh sé ag canadh ag deireadh na 1970idí. Ó 1980 i leith, lena bhanna Na hAncairí, d’fhorbair sé meascán de cheol tíre agus amhránaíocht sean-nóis.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | Leitir Mealláin |
Gníomhaíocht | |
Gairm | craoltóir, amhránaí |
Fostóir | RTÉ Raidió na Gaeltachta |
Teangacha | An Ghaeilge |
Tar éis dó Ann Hargraves a phósadh, chuaigh siad ar imirce go dtí na Stáit Aontaithe, ach fuair sí bás óg, rud a d'fhág John Beag ina aonar le mac óg, Liam. D’fhill John Beag agus Liam ar Éirinn in 2007. Fuair John Beag post ag obair le Raidió na Gaeltachta, agus lean sé ar aghaidh ag cur amach taifeadtaí nua.
Amhráin
cuir in eagarPléann a chuid amhrán le téamaí éagsúla atá tábhachtach do phobal Chonamara: deoraíocht, coimhthíos agus grá, agus an fharraige. Sheinn John Chóil an Bhreathnaigh ón Trá Bháin bosca ceoil ar a chéad cheirnín ‘Faoi Lán tSeoil’, ach d’úsáid John Beag meascán de cheoltóirí ar an gcuid eile dá cheirníní.
Is iad na hamhráin is mó a bhfuil éileamh orthu ná ‘Amhrán Chuigéil’ (faoi rásaíocht húicéirí na Gaillimhe, ar an gceirnín Faoi Lán tSeoil), ‘The Nazarene Song’ scríofa ag Eddie Ó Conghaile faoin drochaimsir ar an bhfarraige, agus ‘Amhrán Mhaínis’ (amhrán caointe traidisiúnta).
Aitheantas
cuir in eagarSa bhliain 2022, bronnadh Gradam RTÉ Raidió na Gaeltachta ar John Beag, mar chomhartha ómóis agus aitheantais as a shaothar ar son na teanga agus ar son phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.[1]
Dioscliosta
cuir in eagarBliain | Ainm | Lipéad | Formáid | Teanga |
---|---|---|---|---|
? (athfhoilsithe in 2018) | Faoi lán tSeoil | Trad Ireland | CD, caiséad | Gaeilge, Béarla |
1990 | Fiche Amhrán 1980-1990 | Cló Iar-Chonnacht | Caiséad | Gaeilge, Béarla |
1990 | Ar Bhord Leis na hAncarí | Cló Iar-Chonnacht | Caiséad | Gaeilge, Béarla |
1992 | An Lochán | Cló Iar-Chonnacht | Caiséad | Gaeilge, Béarla |
1993 | Tá an Workhouse lán | Cló Iar-Chonnacht | CD, caiséad, íoslódáil digiteach | Gaeilge, Béarla |
1994 | The Winds of Freedom | Cló Iar-Chonnacht | Íoslódáil digiteach, cd | Gaeilge, Béarla |
2010 | Coinnigh léi a Sheáin | John Beag Ó Flatharta | CD | Gaeilge, Béarla |
2012 | Amigo mo mhéit | John Beag Ó Flatharta | Íoslódáil digiteach | Gaeilge, Béarla |
2017 | The Banks of Casheen Bay | John Beag Ó Flatharta | CD | Gaeilge, Béarla |
2020 | Roots n' Raithneach | John Beag Ó Flatharta | CD | Gaeilge, Béarla |
Tagartaí
cuir in eagar- ↑ NÓS. "Gradam RTÉ RnaG le bronnadh ar John Beag Ó Flatharta anocht" (en-US). NÓS. Dáta rochtana: 2022-11-14.