B'fhile meitifisiciúil Sasanach é John DonneDunne (157231 Márta, 1631) le linn réimeas Rí Séamus I Shasana. Bhí sé ina dhlíodóir agus ina eaglaiseach chomh maith.

John Donne
John Donne BBC News.jpg
Ball Parlaiminte i bParlaimint Shasana


Member of the 1601 Parliament (en) Aistrigh


District: Brackley (en) Aistrigh
Member of the 1614 Parliament (en) Aistrigh


District: Taunton (en) Aistrigh
Saol
Eolas breithe Londain, 1572
Náisiúntacht Ríocht Shasana
Bás Londain, Márta 31, 1631
Áit adhlactha Ardeaglais Naomh Pól
Na cúinsí a bhaineann lena b(h)ás  (ailse ghoile)
Muintir
Athair John Donne
Máthair Elizabeth Heywood
Céile/Céilí Anne More (en) Aistrigh
Páistí
Oideachas
Alma mater Ollscoil Cambridge
Teangacha An Béarla
Gairm
Gairm file, aistritheoir, dlíodóir, cumadóir amhrán, polaiteoir, scríbhneoir agus tréadaí
Gluaiseacht ealaíne metaphysical poets (en) Aistrigh
Creideamh
Reiligiúin Anglacánachas
IMDb nm0232642
John Donne
1639

SaolCuir in Eagar

Mac le teaghlach Caitliceach séantach ab ea. D'fhreastail sé ar Ollscoil Oxford agus Ollscoil Cambridge freisin. Ach ní raibh sé in ann céim a fháil mar gheall ar a chreideamh ag an am.[1] D'éirigh sé as ina dhiaidh sin, chun teacht isteach in Eaglais Shasana agus bhí ina phoileimiceoir frith-Chaitliceach iomráiteach.

Rinne sé staidéar ar an dlí ag Thavie's Inn, ósta de chuid na seansaireachta. Ligeadh isteach i Lincoln's Inn é sa bhliain 1592, cé nár glaodh chun an Bharra é riamh. Ag an am céanna, bhí Dunne ag dlíodóireacht ar bhealach éigin ar feadh an chuid is mó dá shaol fásta; deireadh a phoist sa rítheaghlach tar éis dó pósadh go neamhfhianaithe ba chúis leis seo den chuid is mó.[1]

Ar iarratas Rí Séamas, oirníodh ina ministir in Eaglais Shasana é sa bhliain 1615. Toisc go raibh oiliúint agus taithí sa dlí aige, iarradh air go minic a bheith ina bhreitheamh eaglasta.[1]

Nuair a ceapadh mar Dhéan Ardeaglais Naomh Pól é sa bhliain 1631, bhain sé sláine airgeadais amach, go deireadh a shaoil. Mar sin féin, bhí scamall bróin ar na blianta a bhí fágtha dó mar gheall ar mhéala agus ar thinneas. Mhéadaigh múnla an chreidimh a bhí ar a chuid scríbhinní, nach raibh gaol aige leis an spraíúlacht agus an sceipteachas a bhaineann le chuid mhór den saothar a rinne sé níos luaithe.[1]

 
‘Ní oileán duine ar bith,’ nó "No man is an Iland, intire of it selfe; every man is a peece of the Continent, a part of the maine." Meditation #17 By John Donne From Devotions upon Emergent Occasions (1623), XVII:[2]

SaotharCuir in Eagar

File meitifisiciúil a raibh domhan na gcéadfaí á chíoradh agus á cheiliúradh aige go rí-mhinic ba ea Donne.

‘Ní oileán duine ar bith,’ nó ''Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine.’' a scríobh John Donne, i gceann dá chuid dánta is cáiliúla.[2][3]

TagairtíCuir in Eagar

  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 Scoil Dlí, COBÁC (2018). "John Donne". Dáta rochtana: 2021.
  2. 2.0 2.1 John Donne. "Meditation XVII". 
  3. 'Ní gá dúinn dul níos faide ná seanfhocal sa Ghaeilge (‘Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine.’) le tuiscint a bhaint amach ar na bealaí casta éagsúla a ndéanann an duine an saolnua-aoiseach a láimhseáil.' Deireadh na príobháide. An tUltach 88 (3), 8. Ciarán Mac Murchaidh (2011)