John Joe Doyle

iománaí Éireannach

Chaith John Joe Doyle (14 Meitheamh 1906 – 11 Lúnasa 2000) dhá bhliain déag i mbun iomána ar fhoireann an Chláir (1926-1938), ar an mbáireoir ab fhearr in Éirinn lena linn féin.. Ba é a leasainm a chuidigh leis – John Joe ‘Goggles’ Doyle.[1]

Infotaula de personaJohn Joe Doyle
Beathaisnéis
Breith14 Meitheamh 1906
Cora Chaitlín, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás11 Lúnasa 2000
94 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmiománaí Cuir in eagar ar Wikidata
Spórtiomáint Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhréim
Grúpaí I P

Beatha cuir in eagar

Fiú agus é ag dul ag an scoil, ní go maith a bhí amharc na súl ag John Joe. Agus é ina dhéagóir, bhí sé ar dhuine de na hiománaithe óga ab fhearr ina cheantar. Fós agus é ag déanamh ar aois fir, bhí brath air éirí as an imirt ar fad mar go raibh a amharc chomh dona sin.

Le linn a chuid imeartha bhuaigh an Dálach craobh a chontae leathdhosaen uair le Cora Chaitlín.

Ba é a bhí ina chaptaen nuair a chliseadar de chúl in aghaidh Chill Chainnigh i gCluiche Ceannais na hÉireann.

Bhí an Dálach 92 bliain d’aois nuair a bhásaigh sé in 2000. Tá sé le feiceáil fós i Músaem an Chláir (Inis).[1]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 Mártan Ó Ciardha (2023-02-26). "Maireann cuimhne John Joe ‘Goggles’ Doyle i gcónaí" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-06-29.