Johnny Óg Connolly

ceoltóir Éireannach

Is ceoltóir Éireannach é Johnny Óg Connolly.

Infotaula de personaJohnny Óg Connolly
Gníomhaíocht
Gairmceoltóir Cuir in eagar ar Wikidata
UirlisCairdín
Teaghlach
AthairJohnny Connolly

Suíomh gréasáinjohnnyogconnolly.com Cuir in eagar ar Wikidata
Spotify: 6pp22cqcKlwsiI5LJRseVm Musicbrainz: e11d1b60-96d9-403c-bb20-1d5507d1792b Discogs: 3495555 Allmusic: mn0001896023 Cuir in eagar ar Wikidata

Mac leis an gceoltóir traidisiúnta Johnny Connolly as Inis Bearachain,[1] i gConamara, thosaigh Johnny Óg ag seinm an bhosca ceoil agus é naoi mbliana d'aois. D'fhoghlaim sé óna athair, agus ó Mhichael Mheáirt Ó Coisdealbha. Dhá bhliain ina dhiaidh sin, bhuaigh sé an Slógadh agus an Fhleadh Cheoil Uile-Éireann ar an mbosca cnaipí. Agus é ceithre bliana déag d’aois, thosaigh sé ag seinm leis na hAncairí agus an t-amhránaí John Beag Ó Flatharta. Chaith sé ocht mbliana leis an mbanna sin. In 1994, thosaigh sé ag seinm le Seán Keane, agus rinne siad ceolchoirmeacha agus seisiúin cheoil áiteanna éagsúla timpeall na hEorpa agus i Meiriceá Thuaidh.

In 1998, chuaigh sé ar camchuairt le Lord of the Dance. Sa bhliain 2003, chuir sé faoi i gConamara. Is cumadóir ceoil é freisin, agus thaifead ceoltóirí éagsúla píosaí ceoil dá chuid, a athair, Michael Rooney, agus June McCormack san áireamh. I measc na gceoltóirí a raibh tionchar acu air, tá Joe Burke agus Andy McGann.

Dioscliosta cuir in eagar

  • The Bees' Wing, Cló Iar Chonnachta, 1990
  • Dreaming Up The Tunes (le Brian McGrath), 1998
  • Dusk Till Dawn (le Charlie Lennon), 2005
  • Aisling Yoshua, Aibreán 2011
  • Siar, November 2016
  • Fear Inis Bearachain, Nollaig 2018[2]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Smith (18 June 1998). “Dreaming Up the Tunes”. Musical Traditions. Dáta rochtana: 25 October 2013.
  2. Johnny Og Connolly: Fear Inis Bearachain” (en-US) (2019-04-10). Dáta rochtana: 2022-01-02.