José Eusebio Otalora
Polaiteoir agus ginearál Colómach ba ea José Eusebio Otalora (16 Meán Fómhair, 1826 - 8 Bealtaine, 1885). Rugadh i Fómeque, Cundinamarca é, ar an 16 Meán Fómhair 1826, agus cailleadh é ar an 8 Bealtaine 1885i i dTocaima,Cundinamarca. Bhí sé ina bhaill den Pháirtí Liobrálach (Partido Liberal Colombiano) agus sa bhreis ar sin a cheapadh ina Uachtarán ar Stáit Aontaithe na Colóime sa bhliain 1882 mar go raibh sé ina secundo Designado Presidencial (nó an dara Uachtarán Ainmnithe) tar éis bháis an Uachtaráin Francisco Javier Zaldúa, agus diúltú an primero Designado Presidencial Rafael Núñez an post a ghlacadh.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 16 Meán Fómhair 1826 Fomeque, An Cholóim |
Bás | 8 Bealtaine 1884 57 bliana d'aois Tocaima, An Cholóim |
16 Uachtarán na Colóime | |
22 Nollaig 1882 – 1 Aibreán 1884 ← Clímaco Calderón – Ezequiel Hurtado → | |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Our Lady of the Rosary University (en) |
Gníomhaíocht | |
Gairm | taidhleoir, polaiteoir, dlíodóir |
Ball de pháirtí polaitíochta | Partido Liberal Colombiano |
Teangacha | An Spáinnis |
Gairm mhíleata | |
Céim mhíleata | oifigeach coitianta |
Coinbhleacht | Cogadh Cathartha na Colóime 1859–1862 |
Ba mhac fear ghnó agus feirmeoir Bascach é agus a bhean Boyaca. Chaill an teaghlach a shealúchas i Miraflores (Boyacá) mar go raibh a athair ina ríogaí agus le sin bhí orthu dul ar deoraíocht go Fómeque.
Fuair sé a chuid foghlama ar an scoil agus ar an Ollcoil i mBogotá, agus bhain sé céim amach sa dlí ón Oillscoil Rosario (Universidad del Rosario), sa bhliain 1852. An uair sin, ghlac sé páirt i gcúrsaí polaitíochta, mar theachta cúigeach Bhogotá, ach d'éirigh sé as i gceann cúpla mí, nuair a chuaigh sé go Guateque san Athbhliain.