Clár siamsaíocht Gaeilge atá á chraoladh ar TG4 ó 11 Deireadh Fómhair, 2015 ar aghaidh é Junior Eurovision. Glacann an buaiteoir páirt sa Chomórtas Amhránaíochta Eoraifíse na nÓg. Caithfidh an t-iomaitheoir amhrán a chumadh agus a chanadh agus a bheith idir 10 agus 15 bliain d’aois. Tá trialacha ar fud na tíre agus ansin roghnaíonn na breithiúna nh hamhrán, go léir trí mheán na Gaeilge.

Infotaula de sèrie de televisióJunior Eurovision Éire

Sraitheanna cuir in eagar

Sraith 1: 2015 cuir in eagar

Thosaigh an chéad sraith ar an 11 Deireadh Fómhair, 2015 agus chríochnaigh sé ar an 8 Samhain, 2015. Bhuaigh Aimee Banks an tsraith leis an amhrán "Réalta na Mara".

Sraith 2: 2016 cuir in eagar

Thosaigh an dara sraith ar an 9 Deireadh Fómhair, 2016 agus chríochnaigh sé ar an 6 Samhain, 2016. Bhuaigh Zena Donnelly an tsraith leis an amhrán "Bríce ar Bhríce".

Sraith 3: 2017 cuir in eagar

Thosaigh an tríú sraith ar an 22 Deireadh Fómhair, 2017 agus chríochnaigh sé ar an 19 Samhain, 2017. Bhuaigh Muireann McDonnell an tsraith leis an amhrán "Súile Glasa".

Sraith 4: 2018 cuir in eagar

Tosóidh an ceathrú sraith ar an 14 Deireadh Fómhair, 2018 agus chríochnaigh sé ar an 11 Samhain, 2018. Bhuaigh Taylor Hynes an tsraith leis an amhrán "IOU".

Tagairtí cuir in eagar