Karl Sack
Breithiúnach sa Ghearmáin, agus gníomhaí frithbheartaíochta le linn réimeas na Naitsithe, ab ea Karl Sack (9 Meitheamh 1896 i mBad Kreuznach - 9 Aibreán 1945 i Flossenbürg). Cuireadh é chun báis as a ról, go díreach nó go hindíreach, i gcomhcheilg 20 Iúil 1944 chun Hitler a mharú agus réimeas na Naitsithe a chur as cumhacht.[1]
Karl Sack | |
---|---|
Saol | |
Eolas breithe | Bosenheim, Meitheamh 9, 1896 |
Náisiúntacht | An Ghearmáin |
Bás |
Flossenbürg concentration camp (en) ![]() |
Cúis bháis | pionós an bháis (crochadh) |
Muintir | |
Céile/Céilí |
Helle Sack (en) ![]() |
Oideachas | |
Teangacha | An Ghearmáinis |
Gairm | |
Gairm | breitheamh agus trodaí frithbheartaíochta |
Ballraíocht |
Burschenschaft Vineta Heidelberg (en) ![]() |
Seirbhís mhíleata | |
Throid sé/sí ag | An Chéad Chogadh Domhanda |
Creideamh | |
Páirtithe polaitíochta |
German People's Party (en) ![]() |
SaolCuir in Eagar
Rinne Sack staidéar ar an dlí in Ollscoil Heidelberg.
Bhí sé ina chúntóir breithiúnach - nó ina bhreitheamh sna cúirteanna sibhialta - go dtí 1934. Aistríodh ansin go Reichskriegsgericht (Cúirt Mhíleata Reich) é.[1] Rinneadh Ard-Abhcóide Breithiúnais an Airm de sa bhliain 1942.
Bhí Sack i dteagmháil leis an lucht frithbheartaíochta san Arm le linn an chogaidh. Ghlac sé páirt i bplota 20 Iúil. Bhí Sack ainmnithe le bheith ina Aire Dlí agus Cirt sa rialtas nua.[1]
Gabhadh é sa bhliain 1944. Sa deireadh cuireadh é chun báis sa champa géibhinn Flossenbürg, ar ordú Hitler, mar gheall ar a chuid nasc le cealgairí 20 Iúil.
DébhríochtCuir in Eagar
Ceistíonn roinnt daoine an ómós a tugadh dó as a bheith ina bhall den lucht frithbheartaíochta, toisc gur bhain sé ciall leathan, agus é ina bhreitheamh míleata, as coir tréigin agus gur gearradh pionós an bháis ar a lán daoine dá bharr sin.
CeartasCuir in Eagar
Sna 1950idí, rinneadh iarrachtaí ar an dlí a chur ar an bpríomh-bhreitheamh agus an t-ionchúisitheoir a raibh lámh acu agus pionós an bháis á ghearradh ar Sack, Dohnányi agus lucht comhcheilge eile. Ach theip ar na hiarrachtaí sa deireadh, toisc gur dhiúltaigh an Bundesgerichtshof dóibh sa bhliain 1956. Dúirt an Chúirt ag an am go raibh na himeachtaí a tionscnaíodh sa bhliain 1945 dleathach.[1]
Féach freisinCuir in Eagar
TagairtíCuir in Eagar
- ↑ 1.0 1.1 1.2 1.3 Scoil Dlí, COBÁC (2018). "Hans von Dohnányi agus Karl Sack". Dáta rochtana: 2021.