Sraithmharfóir míchlúiteach mná ó Cheanada í Karla Homolka. Rugadh i bPort Credit in Ontario í ar an 4 Bealtaine 1970, agus í ar an mbean is sine de thriúr deirféaracha. D'aistrigh an teaghlach go St Catharines nuair a bhí sí ina cailín beag, agus is san áit sin a chuaigh sí ar scoil. Thosaigh sí ag obair i siopa peataí nuair a bhí sí ina déagóir.

Infotaula de personaKarla Homolka
Ainm sa teanga dhúchais(en-ca) Karla Leanne Homolka
Beathaisnéis
Breith4 Bealtaine 1970
53 bliana d'aois
Port Credit, Ontario Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Ainm cleiteLeanne Bordelais Cuir in eagar ar Wikidata
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil na Banríona
Sir Winston Churchill Secondary School (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheNotre-Dame-de-Grâce
Châteauguay (en) Aistrigh
Gníomhaíocht
Gairmcionpháirtí i ndúnmharú Cuir in eagar ar Wikidata
Ealaíontóirí gaolmharaPaul Bernardo: Paul Bernardo and Karla Homolka (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
CéilePaul Bernardo (1991–1994) Cuir in eagar ar Wikidata
SiblínTammy Homolka
Ciontaíodh idúnorgain (1993) Cuir in eagar ar Wikidata

IMDB: nm2627381 Cuir in eagar ar Wikidata

Casadh Paul Bernardo uirthi nuair a bhí sí seacht mbliana déag d'aois, agus thug siad taitneamh dá chéile ar an toirt. Bhí saint ag Bernardo i ngnéaschleachtais Shádacha, agus murab ionann agus na cailíní a bhí ag Bernardo roimhe sin, bhí Karla breá sásta cluichí Sádacha a imirt leis.

Bás Tammy Homolka cuir in eagar

Chuir Bernardo suim i ndeirfiúir óg Karla, Tammy, agus theastaigh uaidh oíche a chaitheamh léi chomh maith le Karla. Ghoid Karla brómaclóraithrífhluaireatán (haileatán), ainéistéiseach láidir a úsáidtear le hainmhithe a chur chun suain, ó chlinic tréidliachta. Chuir siad ina codladh í le meascán biotáille agus piollaí, agus ansin, chuir Karla éadach a bhí ar maos le haileatán thar bhéal agus srón an chailín le féachaint chuige nach ndúiseodh sí roimh am.

Bhain Paul agus Karla a sult as colainn an chailín óig agus rinne siad físeán príobháideach pornagrafaíochta de. Ansin, áfach, thosaigh Tammy ag urlacan, agus thacht sí leis an aiseag sular tháinig sí chuici.

Is é an míniú a thug Paul agus Karla do na póilíní ná gur bhain Tammy triail as an meisce mar is dual do dhaoine óga a dhéanamh, agus gur tháinig néal uirthi le teann meisce, ionas gur thacht sí leis an aiseag ina hainneoin. Bhí na póilíní agus na tuismitheoirí sásta leis an míniú seo, agus ní raibh amhras coire ar aon duine.

 
St. Catharines, Ontario Ceanada

Cás "Jane Doe" cuir in eagar

Thit na himeachtaí seo amach timpeall ar an Nollaig 1990. An bhliain dár gcionn, 1991, bhain Paul agus Karla triail as an gcleas céanna le cailín óg a raibh aithne ag Karla uirthi ó na laethanta a chaith sí ag obair i siopa na bpeataí. Thug Karla biotáille di a raibh Halcion, cineál beinsidé-asaipín, measctha tríthi. Thit an cailín ina codladh ina gillire ar an toirt, agus arís, d'éignigh siad í nuair a bhí an néal uirthi. Ar mhaidin, bhí póit uafásach ar an gcailín, ach ní raibh a fhios aici gur baineadh mí-úsáid ghnéis aisti. Rinne Paul agus Karla físeán craicinn den oíche seo freisin, rud nach bhfuair an cailín amach faoi san am. Ó nach raibh an cailín seo tagtha i mbun a méide go fóill san am, agus ós rud é go bhfuil sí ina beo i gcónaí ní aithnítear i gcáipéisí na cúirte í ach amháin mar "Jane Doe" ("Sínéad Ní Rudaí").

Dúnmharú Leslie Mahaffy cuir in eagar

Seachtain ina dhiaidh sin, ar an 15 Meitheamh 1991, d'fhuadaigh Paul cailín óg darbh ainm Leslie Erin Mahaffy agus thug sé abhaile leis í. Chaith Paul agus Karla oíche agus lá ag bualadh craicinn leis an gcailín, agus sa deireadh, mharaigh siad í. Ní raibh sí cúig bliana déag d'aois san am. Shábh Paul an corpán as a chéile agus chuir sé soimint timpeall ar iarsmaí an chailín le súil is go rachaidís i dtóin phoill. Mar a d'iompaigh an scéal amach, áfach, tháinig duine de mhuintir St Catharines ar iarsmaí an chailín ar chladach Loch Gibson ar an 29 Meitheamh 1990 - an lá céanna a pósadh Paul agus Karla.

Bás Kristen French cuir in eagar

Ba í Kristen French an chéad chailín eile a mharaigh siad. Ar an 16 Aibreán 1992, chuir siad sonrú sa chailín i gcarrchlós an teampaill agus d'áitigh Karla uirthi go raibh sise agus Paul ar strae agus go raibh duine de mhuintir na háite ag teastáil uathu le treoir a dhéanamh dóibh. Bhí a lán daoine láithreach san áit a chonaic Kristen ag dul ar bhord an ghluaisteáin ach amháin nár bhain siad an tátal ceart as. Chaith siad trí lá ag céasadh agus ag éigniú an chailín, ach ansin, mharaigh siad í le bheith in am ag dinnéar na Cásca tigh thuismitheoirí Karla.

Ar an 30 Aibreán 1992, tháinig na póilíní ar chorpán Kristen French i ndíog. Go gairid ina dhiaidh sin, fuair na póilíní an chéad leid a chuir ar an mbealach ceart iad, nuair a d'inis Van Smirnis, seanchara de chuid Paul Bernardo, go raibh sí in amhras faoi Bernardo. Thairis sin, bhí na póilíní tar éis Bernardo a cheistiú cúpla uair cheana féin. Nuair a bhí sraithéigneoir ban ag rith damhsa i Scarborough i ndeireadh na n-ochtóidí, bhí na póilíní in amhras ar Bernardo, agus cheistigh siad é san am sin. Le fírinne, ba é Bernardo banéigneoir Scarborough freisin, ach ní bhfuair na póilíní amach faoi sin go fóill. Ar an 12 Bealtaine 1992, cheistigh na póilíní Bernardo arís, ach sa deireadh, scaoil siad saor leis arís, ó nár chreid siad go raibh sé ciontach.

Tascfhórsa an Ribín Uaine cuir in eagar

 
Tascfhórsa an Ribín Uaine - tascfhórsa speisialta póilíní a bhí dírithe ar fhiosrú a dhéanamh faoi dhúnmharuithe Mahaffy agus French.

Trí lá ina dhiaidh sin, bunaíodh Tascfhórsa an Ribín Uaine - tascfhórsa speisialta póilíní a bhí dírithe ar fhiosrú a dhéanamh faoi dhúnmharuithe Mahaffy agus French. Idir an dá linn, tharraing Karla agus Paul sloinne nua chucu féin - Teale. Dealraíonn sé go bhfuair siad an sloinne sin ón scannán úd Criminal Law, scannán faoi shraithmharfóir a chuaigh ar an scáileán sa bhliain 1988. Faoi dheireadh na Bealtaine, chuaigh John Motile, duine de lucht aitheantais Paul, i dteagmháil leis na póilíní agus é den tuairim gurbh fhéidir gurbh é Paul a rinne na dúnmharuithe.

I Mí na Nollag 1992, thosaigh lárionad fóiréinsice Cheanada ag déanamh taighde ar na heiseamail ADN ó Paul a thóg na póilíní trí bliana roimhe sin. Faoin am chéanna, chuaigh "Jane Doe" ar cuairt chuig Paul agus Karla i bPort Dalhousie, agus nuair a bhí an lánúin ag áitiú uirthi dul ag bualadh craicinn le Paul, baineadh stangadh aisti, agus chuaigh sí uathu béal a cinn.

Paul ag bualadh Karla cuir in eagar

Ar an 27 Nollaig, bhuail Paul a bhean chéile go dona. Mar is gnách ag ócáidí den chineál seo, d'áitigh Homolka ar lucht a haitheantais gur timpiste ba chúis leis an mbail a bhí uirthi, ach níor chreid siad í. Chuaigh duine acu i dteagmháil lena tuismitheoirí, agus tháinig siad chun a tarrthála. Thug siad chucu féin abhaile í, ach má thug féin, bhí neirbhís uirthi, agus d'fhill sí abhaile chuici féin. Bhí an chuma ar an scéal go raibh sí ag cuardach an tí le rud éigin ar leith a aimsiú. Ina diaidh sin, áfach, bhí sí sásta socrú síos i dteach a tuismitheoirí agus casaoid a dhéanamh leis na póilíní ar Paul, agus thug a tuismitheoirí go hospidéal St Catharines í leis an riocht a dhoiciméadú inar fhág Paul í. Ghabh na póilíní Paul, ach ansin, scaoil siad saor leis arís i ndiaidh tamaill ghairid.

 
próifiliú DNA

San am chéanna, bhí na póilíní ag fáil amach faoi chiontacht Paul sna banéignithe i Scarborough. D'aithin lucht na fóiréinsice gurbh ionann a chuid ADN agus ADN an bhanéigneora i Scarborough, agus chuir na póilíní faireachas de ló is d'oíche i bhfeidhm air. Cheistigh siad Karla ar an 9 Feabhra 1993, agus d'inis sí dóibh go raibh sí in amhras faoi gurbh eisean an banéigneoir, cé gur chuir sí an bhéim ar na greidimíní a thug sé di. I ndiaidh an cheistiúcháin, áfach, d'admhaigh Karla lena haintín agus lena huncail gurbh é Paul a rinne na banéignithe i Scarborough, agus go raibh lámh aigesean agus aici féin i ndúnmharuithe Mahaffy agus French. Faoin am seo, chuir na póilíní suim nua i mbás Tammy Homolka, agus chrom siad ar fhiosrú nua.

Ar an 11 Feabhra 1993, theagmhaigh Karla ar a dlíodóir, George Walker, agus shocraigh siad go lorgfadh Walker díolúine ó ionchúiseamh dá chliant, ar acht go gcomhoibreodh sí leis na póilíní san fhiosrú. Cuireadh faireachas iomlán i bhfeidhm ar Homolka chomh maith.

Ar an 13 Feabhra, fuair an lánúin faomhadh oifigiúil dá n-athrú sloinne ó Bernardo/Homolka go Teale. An lá arna mhárach, theagmhaigh Walker ar Mhurray Segal a bhí ina stiúrthóir ar Oifig Dhlí Choiriúil na Corónach. Nuair a d'inis Walker do Segal go raibh an lánúin tar éis éignithe na gcailíní a scannánú ar fístéip, dúirt Segal leis nach bhféadfadh sé díolúine iomlán ó ionchúiseamh a bhronnadh ar Karla, ó bhí sí féin chomh sáite sin i gcoireanna a fir chéile.

Gabháil Paul cuir in eagar

Ar an 17 Feabhra 1993, chuaigh Scuad na nIonsaithe Gnéasacha i Mórcheantar Toronto agus Tascfhórsa an Ribín Uaine le chéile le Paul Teale (Bernardo) a ghabháil. Fuair siad barántas cuardaigh le hárasán Paul a phóirseáil. Ba é tuairim na cuairte san am sin, áfach, nach raibh nasc sách láidir ag ceangal Paul de na dúnmharuithe san am seo, agus mar sin, ní raibh cead ag na póilíní ach na píosaí fianaise a rabhthas ag súil léi a thabhairt leo.

Dá dtiocfaidís trasna ar airteagail shuimiúla eile, d'fhéadfaidís iad a ghrianghrafadh agus a dhoiciméadú, ach chaithfidís iad a fhágáil san árasán. Ní raibh cead acu ach an oiread damáiste a dhéanamh don árasán - ní fhéadfaidís an páipéar a bhaint anuas de na ballaí. Chaith na póilíní aon lá déag is trí scór ag siortáil na háite, agus níor tháinig siad ach ar aon fhístéip amháin - ceann a thaispeáin Karla ag lí bhaill ghiniúna an chailín nach luaitear sna cáipéisí ach amháin faoi ainm "Jane Doe".

Ag Margáil faoi Phléadálacha cuir in eagar

Ar an 5 Bealtaine 1993, chuir na húdaráis in iúl do Walker go rabhthas sásta dul ag margáil faoi phléadálacha le Karla. Ba é an tairiscint a fuair sí nach sáródh a téarma príosúnachta dhá bhliain déag dá gcomhoibreodh sí leis an ionchúisitheoir gan a dhath a choinneáil ceilte. Ba é an dara rogha ná go n-ionchúiseofaí faoi dhá dhúnmharú den chéad chéim agus faoi aon dúnmharú amháin den dara céim í, chomh maith le coireanna eile. Bhí aga aon seachtaine amháin ar a freagra a thabhairt. Ghlac Karla leis an tairiscint ar an 14 Bealtaine.

Choisc na húdaráis a dhath a fhoilsiú dá raibh ráite ag Karla leis na póilíní le linn an fhiosraithe. Is é an míniú a thug siad ar an gcosc ná go gcaithfí triail chothrom a chinntiú do Paul. Dealraíonn sé, ámh, gurbh é an phríomhchúis leis an gceileantas seo ná néaróga na ngaolta a spáráil, chomh déistineach is a bhí na hainghníomhartha. Cibé scéal é, bhí an cosc seo ina chúis mhór achrainn, agus sa deireadh, chuaigh ráitis Karla ar fud an Idirlín.

Tagairtí cuir in eagar