Kirsten Sheridan

aisteoir agus stiúrthóir scannán Éireannach

Is stiúrthóir scannán, scríbhneoir scáileáin agus aisteoir Éireannach í Kirsten Sheridan. Rugadh í i mBaile Átha Cliath, Éire i 1976 agus is iníon í leis an drámadóir, stiúrthóir agus scríbhneoir scáileáin iomráiteach Jim Sheridan.

Infotaula de personaKirsten Sheridan
Beathaisnéis
Breith14 Iúil 1976
47 bliana d'aois
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmban-aisteoir, scríbhneoir scripte, stiúrthóir scannán, scríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1995 –
TeangachaAn Ghaeilge agus Béarla
Teaghlach
AthairJim Sheridan

IMDB: nm0792202 Allocine: 60271 Allmovie: p152603 Cuir in eagar ar Wikidata

Gairm cuir in eagar

Thosaigh Sheridan a gairm bheatha mar aisteoir, i roinnt scannán agus seónna teilifíse Éireannacha agus Briotanacha sular aistrigh sí go stiúrthóireacht.

Rinne sí staidéar ar Léiriú Teilifíse Scannán sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath sular bhain sí Dioplóma i Léiriú Scannán i gColáiste Ealaíne Deartha Dhún Laoghaire, scoil náisiúnta scannán na hÉireann.

Tháinig 'Disco Pigs' amach sa bhliain 2001, a taispeánadh don chéad uair ag Féile Scannán Sundance agus a fuair moladh ó na léirmheastóirí...[1] Bhí Cillian Murphy agus Elaine Cassidy na réalta sa scannán agus bhí sé bunaithe ar an dráma den ainm céanna a scríobh athair Sheridan.

Eisíodh an chéad scannán eile de chuid Sheridan, "August Rush," i 2007 agus bhí Freddie Highmore agus Keri Russell ina réalta ann. D’éirigh go maith leis an scannán ó thaobh tráchtála de. Insíonn sé scéal buachaill óg dílleachta a bhfuil tallann ceoil aige.

I 2011, stiúir Sheridan an dráma scannán "Dollhouse," a raibh Eileen Walsh agus Aidan Kelly ina réalta.

Stiúir sú eipeasóid den tsraith theilifíse "Penny Dreadful" agus "Vikings."

In 2020, stiúir Sheridan an scannán "Dream Horse,".

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Disco Pigs" (as en) (2023-02-07). Wikipedia.