Is trá-bhaile agus baile saoire é Kuşadası i gCúige Aydın ar chósta thoir na Mara Aeigéiche sa Tuirc, 90 cm (56 míle) ó dheas ón gcathair İzmir, agus 71 cm (44 míle) ón bpríomhchathair intíre réigiúnach Aydın.
Is lárionad ceantair agus comharsa é Kuşadası do na ceantair Germencik, Söke agus Selçuk.
Tá Kuşadası gar don chathair ársa Ephesus agus áiteanna suimiúla eile, Miletos, Didim agus Pamukkale san áireamh, agus níl an t-oileán Samos ach achar gairid trasna na farraige ó Kuşadası. Tá isteach is amach le 50,000 duine ina gcónaí sa chathair. "Oileán na nÉan" an chiall atá le hainm na cathrach i dTuircis.