Tá an bád cabhlaigh LÉ Niamh (faoi Leifteanant-Cheannasaí Daniel Wall) ag obair sa Mheánmhuir ó lár an tsamhraidh ag tarrtháil agus ag cuidiú le hinimircigh atá ag teitheadh ó fhoréigean, éagóir nó bochtanas ina dtíortha féin. Thairg Rialtas na hÉireann cabhair do Rialtas na hIodáile le géarchéim na n-inimirceach tar éis bádh breis is 850 nuair a chuaigh bád béal faoi 85k amach ó chósta Libia i mí Aibreáin 2015.[1]

Bosca Sonraí SoitheachLÉ Niamh
LongchlósAppledore Shipbuilders (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tír chlárúcháin
Saintréithe teicniúla
Cineállong Cuir in eagar ar Wikidata
Fad78.84 m Cuir in eagar ar Wikidata
Tuilleadh eolais
MMSI250480000 Cuir in eagar ar Wikidata
Uimhir IMO9231456 Cuir in eagar ar Wikidata

D'fhág an LÉ Niamh cósta na hÉireann ar 10ú Iúil le criú de 57, beirt oibrithe leighis ina measc. Dúirt urlabhraí de chuid Eagraíocht Idirnáisiúnta na nImirceach Itayi Virri go bhfuil 2,000 inimircigh báite go dtí seo i mbliana agus iad ag iarraidh an Mheánmhuir a thrasnú.

De réir eolais ó Aireacht Intíre na hIodáile tá smuigléaraí daoine, ón Libia den chuid is mó, freagrach as níos mó ná 100,000 inimircigh a sheoladh trasna na farraige chun na hIodáile i mbliana.

An LÉ Niamh i gCuan Chorcaí

Is í an dara bád cabhlaigh Éireannach atá ar dhualgais tarrthála sa Mheánmhuir ó mhí na Bealtaine. Chaith an LÉ Eithne sé seachtain amuigh ann roimhe sin agus tuairiscítear gur shábháil sí 3,400 inimircigh i rith na tréimhse sin . Is go Meán Fómhair a bheidh cabhlach na hÉireann ag cabhrú sa Mheánmhuir ach seans go mbeidh síneadh á chur leis sin. [2]

A Cuid Oibre go dtí seo cuir in eagar

Breith Destiny ar bord cuir in eagar

Ar an 19ú Iúil tharrtháil an LÉ Niamh 98 duine ó bhád inséigthe 76 muirmhíle amach ó chósta Tripoli, agus 265 daoine ó bhád inséigthe an lá dár gcionn. Ar 20ú Iúil tharrtháil sí 265 daoine, 13 ban agus 8 páistí ina measc ó bháirse adhmaid amach ó chósta Tripoli. Níos déanaí an lá sin ghlac sí le 114 daoine ó MV Dignity, long de chuid Médecins Sans Frontiéres. Bhí 14 de na mná ag iompar agus bean amháin, Grace, i dtinneas clainne. Rugadh a leanbh agus í ar bord agus ghlaoigh sí Destiny uirthi. Tógadh máthair agus leanbh chuig ospidéal sa tSicil agus na daoine eile go Palermo.[3][4]

Ar 24 Iúil tharrtháil sí 358 daoine ó bháirse adhmaid, 30 ban agus 14 páistí ina measc.

Ar 27 Iúil tharrtháil an LE Niamh 243 imircigh a bhí ag iarraidh an Mheánmhuir a thrasnú ó chósta na hAfraice. Rinneadh an tarrtháil 80 ciliméadar siar ó thuaidh de phríomhchathair na Libia, Tripoli. Tuairiscítear go raibh 183 fear ,33 bean agus 27 páistí ar bord an bháid adhmaid beag.[5]

14 marbh i mbolg an bháid cuir in eagar

Níos déanaí, agus an 243 fós ar bord chuidigh an LÉ Niamh le tarrtháil eile ó bháirse a d´fhág cósta na Libia go luath ar maidin. Tógadh 210 inimircigh ar bord, 35 páistí ina measc. Tógadh na daoine eile ar bord long de chuid Médecins Sans Frontiéres, an MV Dignity. Níos déanaí fuarthas 14 marbh i mbolg an bháid tar éis do gach duine eile a aistriú ón mbáirse. Creidtear go bhfuair siad bás de bharr aisficse nó gur brúdh chun bháis iad. Tógadh na daoine a tarrtháladh go calafort Messina, an tSicil.[6]

Tubaiste san uisce cuir in eagar

Ar 5ú Lúnasa 2015 chuaigh an long i gcabhair le bád iascaireachta. Tuairiscítear go raibh 700 ar bord. Láinseáil an LÉ Niamh dhá bhád inséidte ach sular shroich siad an bád chuaigh sé béal faoi san uisce. Tógadh 367 daoine agus 25 chorp ar bord ón uisce agus tá baol ann gur bádh níos mó ná 185 daoine. Bhí Dignity 1, bád de chuid Médécins Sans Frontières (MSF), agus na longa Iodálacha an Sirio agus an Mimbelli ag cuidiú leis an tarrtháil.[7]Leifteanant-Cheannasaí Caoimhín Mac Unfraidh ón tSeirbhís Chabhlaigh ag caint faoin tarrtháil.[8]

Ina 11ú tarrtháil ó thosaigh sí ag obair sa Mheánmhuir, phioc an LÉ Niamh 125 inimircigh ó bhád inséidte a raibh an iomarca daoine ar bord amach ó chósta Libia.Bhí 26 ban agus 7 páistí i measc na ndaoine a tháinig ón Afraic fho-Shahárach, An Nigéir, Gána, Mailí, Tóga agus An Cósta Eabhair ina measc. Duírt Leifteanant-Cheannasaí Caoimhín Mac Unfraidh ón tSeirbhís Chabhlaigh nár bhain gortú le héinne. Aistríodh 375 daoine eile ón long Iodálach an Mimbelli ina dhiaidh sin.

Ó chuaigh an LÉ Niamh i mbun dualgais den chineál seo 3 seachtainí ó shin tá breis is 1,000 imircigh sábháilte aici ón mbá.[9]

Tagairtí cuir in eagar