Lá Domhanda na nEaslán
Ceiliúrtar Lá Domhanda na n-Easlán ar Lá Muire Lourdes, nó an 11 Feabhra, ó 1993 i leith. Iarrann an Eaglais Chaitliceach ar a lucht leanúna cuimhneamh ar dhaoine breoite, daoine ag fulaingt agus daoine a thugann aire dóibh. Táthar ag súil, mar sin, go gcuirfeadh an ócáid seo leis an tuiscint atá ag an bpobal ar na heasláin.
Cineál | lá idirnáisiúnta |
---|---|
Lá | 11 Feabhra |
Bunaitheoir(í) | an Eaglais Chaitliceach Rómhánach |
Sa bhliain 2017, roghnaigh an Pápa Proinsias líne ón Magnificat (Paidir na Maighdine Beannaithe Muire) mar théama: Rinne an té atá cumhachtach nithe móra dom (Lucás 1:40).[1]
Roghnaigh an Pápa Proinsias Creideamh agus Catharnacht mar théama i mbliana 2020: ‘Is mithid dúinne ár n-anam a thabhairt ar son na mbráthaire’ (1 Eoin 3: 16).
D'fhógair an Pápa Beinidict XVI go raibh sé ag éirí as ar Lá Domhanda na n-Easlán, 2013, agus é tinn.
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ "Paróiste an Fheirtéaraigh". muhaz.org (11 Feabhra 2017). Dáta rochtana: 2022-02-11.