Lá Mairgní na hAstráile
Ceiliúrtar lá náisiúnta na hAstráile ar 26 Eanáir gach bliain, "Lá na hAstráile" do dhaoine áirithe, nó "Lá Náisiúnta Mairgní", "Lá an Dobróin", "Lá an Ionraidh" nó fiú "Lá Marthanais" do dhaoine eile (Béarla: "Australia Day", "Day of Mourning" "Invasion Day" agus "Survival Day"). Féachann na Bundúchasaigh air mar an lá in ar cuireadh tús lena ndíshealbhú agus le léirscrios a saíochta.
Cineál | lá feasachta counter-celebration (en) |
---|---|
Príomhábhar | mourning (en) |
Tír | an Astráil |
Dearcadh coilíneach
cuir in eagarTháinig an Cabhlach Ríoga i dtír i gCuan Sydney timpeall an ama seo, an 18-26 Eanáir 1788,[1] áit a bhí sa chóilíneacht le coirpigh a chur as an gcosán. Cuireadh tús le lonnaíocht Eorpach san Astráil agus riail an choilíneachais.[2]
Cé go raibh lá náisiúnta i gceist ar 26 Eanáir, ón gcéad lá riamh, bhí grúpa amháin sa tír nár ghlac aon pháirt sa cheiliúradh: an mhuintir dhúchais. Ní thugtaí cuireadh dóibh le bheith páirteach ann sa chéad dul síos, agus is ríléir nach raibh aon siocair acu le bheith ag cuimhneamh le háthas ar an gcéad lá a tháinig na coilínigh i dtír.
Rinne bundúchasaigh na tíre neamhaird den chomóradh le fada an lá, ach thall sa bhliain 1938 bhí ceiliúradh ollmhór ar siúl le haghaidh 150 bliain lonnaíocht na n-Eorpach. Reáchtáladh cruinniú na mbundúchasach áitiúil i Sydney le hagóid a dhéanamh in éadan “the Whiteman’s seizure of our country”.
Conspóid
cuir in eagarTá muintir na hAstráile ag cur is ag cúiteamh faoin lá náisiúnta a athrú.[3][4] Tá díospóireacht ar siúl san Astráil ó shin i leith i dtaca le dáta an lae náisiúnta. Cinnte is breá le muintir na hAstráile a laethanta saoire poiblí agus b'fhéidir go mbeidís sásta glacadh le dáta nua don lá náisiúnta.
Féile na gCoilíníoch
cuir in eagarGach bliain ar 26 Eanáir – nó ar an Luan ina dhiaidh, má thiteann sé ar Shatharn nó ar an Domhnach – bíonn cóisirí ar fud fad na tíre le ‘Australia Day’ a chomóradh.[2]
Cuireadh tús le ceiliúradh ar 26 Eanáir go luath i stair na nEorpach san Astráil agus tugadh ‘Anniversary Day’ air um an dtaca sin. Ní raibh ach na húdaráis páirteach sa cheiliúradh ar an chéad dul síos, mar ní raibh mórán le ceiliúradh ag na daoránaigh a tháinig chun na tíre i slabhraí, agus bhí cuid acu fós ina bpríosúnaigh. Rinneadh éabhlóid ar an lá in imeacht na mblianta agus, faoi dheireadh, dearbhaíodh gur lá saoire poiblí é.... in 1994.[5]
Ainmníodh 26 Eanáir mar ‘Lá na hAstráile’ go hoifigiúil sa bhliain 1946, agus ceithre bliana déag ní ba dhéanaí, ainmníodh an chéad duine mar ‘Astrálach na Bliana’ ar an lá. Ceapadh duine nua ag NADC leis an teideal seo gach bliain ó shin i leith.
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ 1.0 1.1 1.2 sea.museum (2023-10-17). "Mythbusting Cook: Fact fiction and total fallacy - Australian National Maritime Museum". web.archive.org. Dáta rochtana: 2024-01-26.
- ↑ 2.0 2.1 Bearnaí Ó Doibhlin (Aibreán 2009). "Lá na hAstráile" (ga-IE). Beo!. Dáta rochtana: 2024-01-26.
- ↑ Benjamin T. Jones (2023-01-25). "Australia Day wasn’t always January 26, but it was always an issue" (en-US). The Conversation. Dáta rochtana: 2024-01-26.
- ↑ "Australia Day: The 'quiet rebranding' of a controversial national holiday" (en-GB) (2024-01-25). Dáta rochtana: 2024-01-26.
- ↑ "Why is Australia Day controversial?" (en). 1 News. Dáta rochtana: 2024-01-26.