Lá Taraimsithe an Domhain
Tarlaíonn Lá Taraimsithe an Domhain (LTD)[1] lá amháin sa bhliain, an lá nuair is ionann tomhailt acmhainní éiceolaíochta na cine daonna an bhliain sin agus an méid a fhéadann an nádúr a dhéanamh i gcaitheamh 12 mhíosa.[2] I bhfocail eile, is é an lá a n-ídíonn 'ár bpáphaicéad' agus a dtosaímid ag fáil iasachta ón bpláinéad.
Cineál | lá feasachta | ||
---|---|---|---|
Dáta na bliana | 1 Lúnasa 2024 2 Lúnasa 2023 28 Iúil 2022 29 Iúil 2021 22 Lúnasa 2020 29 Iúil 2019 1 Lúnasa 2018 2 Lúnasa 2017 8 Lúnasa 2016 | ||
Meán cumarsáide | |||
Suíomh gréasáin | overshootday.org |
Coincheap
cuir in eagarIs é Gréasán Domhanda an Lorg Éiceolaíochta,[3] institiúid idirnáisiúnta taighde, a tháinig ar an dáta úd trí na laethanta sa bhliain nach bhfuil sé d’acmhainn ag an Domhan freastal ar lorg éiceolaíoch an chine dhaonna a chuntas.[4]
Tagann an Gréasán ar dháta LTD trí bhithacmhainn[5] an phláinéid a roinnt ar lorg éiceolaíoch an chine dhaonna agus an freagra úd a iolrú faoi 365.[6]
Stair
cuir in eagarRinneadh taraimsiú an bhuiséad acmhainní a thomhas den chéad uair sa bhliain 2006.
Is i mí Dheireadh Fómhair a thit Lá an Taraimsithe sa bhliain 2006. Ba ar an 13 Lúnasa a thit Lá an Taraimsithe sa bhliain 2015, rud a léiríonn go raibh cúrsaí imithe in olcas in achar an-ghairid, 2006-2015.
Tháinig feabhas ar an scéal sa bhliain 2020 (mar gheall ar Covid). Ach sa bhliain 2022, thit an LTD ar 28 Iúil, taifead nua.
An scéal sa bhliain 2022
cuir in eagarI ráiteas a d’fhógair an Gréasán sa bhliain 2022,[7] dúradh go n-éilíonn daoine 68% níos mó acmhainní nádúrtha ón phláinéad ná mar a bhfuil sé de chumas aige athnuachan a dhéanamh orthu.[8] Bunaithe ar an dóigh a bhfuil muid ag maireachtáil anois, bheadh 1.9 Domhan de dhíth orainn chun a bheith inmharthana.
Dá mbeadh tíortha uile an Domhain ag maireachtáil mar atá muintir SAM, bheadh 5.1 Domhan ag teastáil uainn. Dá mbeadh an domhan uilig chomh beadaí ó thaobh tomhaltais agus atá Meiriceánaigh bheadh ár gcuid ídithe againn roimh Lá Fhéile Pádraig, an 13 Márta.
Táirgeadh bia an tionscal is déine ar acmhainn na cruinne agus ídíonn sé sin 55% d’acmhainn éiceolaíochta na cruinne.[9]
Úsáidtear 63% de thalamh curaíochta na hEorpa le stoc[10] a thógáil leis an duine a bheathú. Tá an earnáil sin dian ar an gcóras éiceolaíochta mar leagtar crainnte, scriostar an bhithéagsúlacht, cuirtear le gásanna ceaptha teasa agus ídítear cuid mhór uisce.
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ Earth Overshoot Day
- ↑ An Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil (European Environment Agency) (21 Iúil 2011). "Tomhaltas neamh-inbhuanaithe" (as ga).
- ↑ Global Footprint Network
- ↑ NÓS (2016). "Acmhainní nádúrtha 2016 caite Lá Taraimsithe an Domhain linn" (ga-IE). NÓS. Dáta rochtana: 2022-07-28.
- ↑ "Biocapacity" (as en) (2022-06-12). Wikipedia.
- ↑ nó 366 i mbliain bhisigh
- ↑ "2022 How the Date of Earth Overshoot Day Was Calculated" (en-US). Earth Overshoot Day. Dáta rochtana: 2022-07-28.
- ↑ Deutsche Welle (www.dw.com). "Earth Overshoot Day 2022: Humanity has already used its resources for the year | DW | 28.07.2022" (en-GB). DW.COM. Dáta rochtana: 2022-07-28.
- ↑ Máire Ní Fhinneadha (28 Iúil 2022). "Ón lá inniu tá min, fataí agus seaimpéin na bliana seo chugainn á n-ídiú againn" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-07-28.
- ↑ nó beostoc, eallach mairteola an chuid is mó