Tharla Lámhaigh Lewiston[1] in Maine sna Stáit Aontaithe ar 25 Deireadh Fómhair 2023 agus dúnmharaíodh 18 nduine, an oll-lámhach gunnaí i Meiriceá is measa ó maraíodh 21 duine i Lámhach Robb Elementary sa bhliain 2022.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtLámhaigh Lewiston, 2023
Map
 44°07′32″N 70°11′51″W / 44.1256171°N 70.19760793°W / 44.1256171; -70.19760793
Cineálspree shooting (en) Aistrigh
dúnmharú líonmhar Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deOll-lámhaigh sna Stáit Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana25 Deireadh Fómhair 2023 (18:56, 19:08. An tAmchrios Oirthearach) Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhJust In Time Recreation, 24 Mollison Way, Lewiston, Maine Cuir in eagar ar Wikidata
TírStáit Aontaithe Mheiriceá Cuir in eagar ar Wikidata
Líon básanna18 Cuir in eagar ar Wikidata
Líon gortaithe13 Cuir in eagar ar Wikidata
Armraidhfil leath-uathoibríoch Cuir in eagar ar Wikidata
Bhain an fear gunna úsáid as raidfhil leath-uathoibríoch den chineál AR-15[2]

Imeachtaí cuir in eagar

Tharla na hionsaithe i dteach ósta agus i bpinniúr babhlála.

Ba bheag nár gabhadh an fear gunna agus ar éigean Dé a thug sé na cosa leis ón mbás. Thosaigh tóraíocht mhór in Maine. Bhí faitíos an domhain ar dhaoine i Lewiston go raibh tuilleadh urchóide beartaithe ag an teifeach.[3]

Ceithre lá níos déanaí, fuarthas corp Robert R Card, 40 bliain d'aois agus sáirsint in Arm Cúltaca na Stát Aontaithe.[4] Chuir sé lámh ina bhás féin.[5] Traenálaí gunnadóireachta ba ea é. Bhagair sé go ndéanfadh sé ionsaí gunna ar bhunáit de chuid an National Guard i rith an tsamhraidh. Chaith sé coicís in ospidéal meabhairghalair dá bharr.

Rialú gunnaí in Maine cuir in eagar

Rialachán éadrom ar ghunnaí é an cháil atá ar stát Maine: ní theastaíonn ceadúnas ansiúd le gunna a cheannach ná a iompar, agus níl aon cheann de na dlíthe foláirimh i bhfeidhm ann, dlithe a thugann cead do na húdaráis arm a bhaint de dhuine má mheastar iad bheith contúirteach.[6]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Tá Lewiston 55km ó thuaidh de Portland, príómhchathair Stát Maine.
  2. "US: Maine Shooter, Robert Card, Triggers Gun Control Debate with AR-15 Rifle Use" (en). News18 (2023-10-26). Dáta rochtana: 2023-10-27.
  3. Nuacht RTÉ (2023-10-27). "Póilíní in Maine fós sa tóir ar fhear a mharaigh 18 duine" (as ga-IE). 
  4. "Who is Robert Card? Confirmed details on Maine shooting suspect - CBS News" (en-US). www.cbsnews.com (2023-10-27). Dáta rochtana: 2023-10-27.
  5. "Maine mass shooting suspect found dead" (en-GB). BBC News (2023-10-28). Dáta rochtana: 2023-10-28.
  6. Nuacht RTÉ (2023-10-26). "18 nduine maraithe in ionsaí gunna i Maine" (as ga-IE).