Dúnmharaíodh 19 páiste agus beirt mhúinteoirí in ionsaí lámhaigh ar scoil in Uvalde,[1] Texas, an Robb Elementary School ar 24 Bealtaine 2022, an oll-lámhach gunnaí i Meiriceá is measa ó maraíodh 26 duine i Sandy Hook sa bhliain 2012..[2]

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtLámhach Robb Elementary
Íomhá
6 Meitheamh 2022
Map
 29°11′58″N 99°47′18″W / 29.1994°N 99.7883°W / 29.1994; -99.7883
Cineállámhach scoile
oll-lámhach
dúnmharú páiste Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid delist of mass shootings in the United States in 2022 (en) Aistrigh, list of school shootings in the United States (en) Aistrigh, list of attacks related to primary schools (en) Aistrigh agus list of shootings in Texas (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana24 Bealtaine 2022 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhRobb Elementary School, Texas (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata, Contae Uvalde, Texas, Texas Cuir in eagar ar Wikidata
TírStáit Aontaithe Mheiriceá Cuir in eagar ar Wikidata
Chief of police (en) Aistrigh Pete Arredondo (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Íospartachluach anaithnid seanmháthair, shooting victim (en) Aistrigh, survivor (en) Aistrigh
Uziyah Garcia (en) Aistrigh elementary school student (en) Aistrigh, íospartach dúnmharú, shooting victim (en) Aistrigh
Jose Manuel Flores Jr. (en) Aistrigh elementary school student (en) Aistrigh, íospartach dúnmharú, shooting victim (en) Aistrigh
Maranda Mathis (en) Aistrigh elementary school student (en) Aistrigh, íospartach dúnmharú, shooting victim (en) Aistrigh
Xavier Lopez (en) Aistrigh elementary school student (en) Aistrigh, íospartach dúnmharú, shooting victim (en) Aistrigh
Irma Garcia (en) Aistrigh múinteoir bunscoile, íospartach dúnmharú, shooting victim (en) Aistrigh
Nevaeh Bravo (en) Aistrigh elementary school student (en) Aistrigh, íospartach dúnmharú, shooting victim (en) Aistrigh
Eva Mireles múinteoir bunscoile, íospartach dúnmharú, shooting victim (en) Aistrigh
Jacklyn Cazares (en) Aistrigh elementary school student (en) Aistrigh, íospartach dúnmharú, shooting victim (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Líon básanna22 Cuir in eagar ar Wikidata
Líon gortaithe18 Cuir in eagar ar Wikidata
Déantóir na coireSalvador Ramos (en) Aistrigh (sladmharfóir, shooter (en) Aistrigh) Cuir in eagar ar Wikidata
ArmAR-15 style rifle (en) Aistrigh
AR-15 style rifle (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Meán cumarsáide
Haischlib#UvaldeSchoolShooting, #RobbElementary, #TexasShooter, #TexasSchoolShooting, #texasschool, #texasshooting, #RobbElementarySchool, #TexasStrong, #TexasMassacre, #TexasSchoolMassacre, #AbbottCruzMassacre agus #UvaldeCoverUp Cuir in eagar ar Wikidata
Uvalde, Texas
Bhí dhá raidfhil leath-uathoibríoch den chineál AR-15 ag Salvador Rolando Ramos

Imeachtaí cuir in eagar

 
Bhí lón lámhaigh ollmhór ag Ramos ar dtús ː 375 urchar '5.56', ach shleamhnaigh an chuid de uaidh nuair a tháinig líonrith air taobh amuigh den scoil

Cúpla lá roimh an uafás, cheannaigh Salvador Rolandos Ramos dhá raidhfil leath-uathoibríoch den chineál AR-15 ar a lá breithe agus in aois 18 bliain dó.[3] As maoil a chonláin féin a chuaigh Salvador Ramos ar mire. Aonarán a bhí ann agus nach raibh mórán cairde aige.[4] Rinneadh maistíneacht air sa scoil agus chaith a mháthair as a teach é.

Thosaigh an ruathar ar 24 Bealtaine, timpeall 11am, nuair a chaith Salvador Rolandos Ramos a sheanmháthair in Uvalde (bhí sé in chónaí léi ag an am agus bhí siad ag síorsháraíocht ar a chéile). Chaith sé a sheanmháthair san aghaidh. Ainneoin na ngortuithe a bhain di, bhí an tseanmháthair in ann fios a chur na póilíní.

Theith Ramos tar éis í a chaitheamh. Ach ar dtús, d'fhógair sé ar Facebook tamall gearr roimh an sléacht go raibh sé ar intinn aige ionsaí a dhéanamh ar scoil, agus dheimhnigh sé gur chaith sé a sheanmháthair.[5] Chuaigh sé ansin chomh fada leis an mbunscoil Robb,[6] Bhí Ramos ina aonar.

Nuair a tháinig an déagóir chomh fada leis an scoil, timpeall 11.30am, d'imigh an gluaisteán a bhí sé a thiomáint den bhóthar taobh amuigh den scoil, De ghnáth bhí póilín[7] ar gharda sa scoil ach ní raibh sé faoi láthair an lá sin.

Bhí Ramos armáilte go dtí na cluasa, é gléasta in éide chosanta.[6] Bhí lón lámhaigh ollmhór ag Ramosː (375 urchar '5.56') ach thit an-chuid de go talamh sa ruaille buaille go léir.[8]

D'éirigh le Ramos ansin aghaidh a thabhairt ar an bhfoirgneamh.[9] Páistí idir 7 agus 10 mbliana (rang a 2 go rang a 4) is mó a bhí ag freastal ar an scoil. Chuaigh Ramos isteach i seomra ranga amháin, agus ansin seomra eile (seomraí 111 agus 112, ceangailte le chéile). Mharaigh sé in iomlán naoi bpáiste dhéag ann, chomh maith le beirt mhúinteoirí. Gortaíodh seacht nduine dhéag eile, roinnt páistí ina measc.[4]

D'fhan Ramos i seomraí 111/112, ag glasáil é féin istigh ann (i gcófra b'fhéidir).

Taobh amuigh, bhailigh tuismitheoirí agus slua feargach timpeall ar na póilíní, míshásta nach raibh na péas dul i ngleic leis an ionsaitheoir.[6] Timpeall 12ː50pm, chaith agus mharaigh na póilíní Ramos faoi dheireadh.

Freagairt cuir in eagar

Ag labhairt dhó sa Teach Bán tar éis na heachtra, dúirt an tUachtarán Joe Biden go gcaithfear seasamh suas I gcoinne lucht stocaireachta na ngunnaí.

I ndiaidh na tragóide, rinne an Gobharnóir Greg Abbott 40 moladh a cheap sé a laghdódh an seans ar ollmharuithe i scoileanna an stáit. Níor bhain aon cheann acu lena thuilleadh srianta a chur ar úinéireacht ná ar an bhfáil ar ghunnaí.[10]

Dúirt Abbott, Ted Cruz (Seanadóir as Texas) agus Donald Trump[11] nach raibh aon leigheas ar ionsaithe den chineál seo i Robb Elementary, ach níos mó múinteoirí armtha agus brathadóirí miotail a chur sna scoileanna.[2]

Bíonn dream ann - na Poblachtánaigh sa tSeanad agus mar sin de - ag cur cosc i gcónaí ar reachtaíocht níos déine a thabhairt isteach agus na dlíthe a bhaineanns le gunnaí a neartú.[2] Mar sin, beidh ceist na ngunnaí agus an fháil éasca atá orthu sna Stáit Aontaithe idir chamáin sa tír go ceann i bhfad agus níl sé soiléir ar bith cén chaoi an dtabharfar aghaidh ar an gceist, má thugtar.[4]

Freagairt na bpobal cuir in eagar

Chuaigh an scéala i bhfeidhm go mór ar an bpobal, agus bhí daoine thar lear agus in Éirinn an-tógtha faoin scéala chomh maith. Bhí bratacha ar leathchrann sna Stáit Aontaithe idir Dé Céadaoin agus Dé Sathairn mar chomhartha ómóis do na mairbh.[2]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. atá 130km siar ó San Antonio.
  2. 2.0 2.1 2.2 2.3 Nuacht RTÉ (2022-05-25). "19 páíste (sic) maraithe in ionsaí lámhaigh ar scoil i dTexas" (as ga). 
  3. Eric Levenson, Isabelle Chapman, Andy Rose, Shimon Prokupecz and Claire Colbert CNN. "Uvalde school shooting suspect was a loner who bought two assault rifles for his 18th birthday". CNN. Dáta rochtana: 2022-05-28.
  4. 4.0 4.1 4.2 Nuacht RTÉ (2022-05-26). "Fógra faoina raibh ar intinn aige curtha ar Facebook ag Ramos" (as ga). 
  5. teachtaireachtaí príobháideacha ó dhuine go duine a bhí iontu agus nár tugadh faoi deara iad go dtí i ndiaidh an ainghnímh.
  6. 6.0 6.1 6.2 "Onlookers urged police to charge into Texas school" (en). AP NEWS (2022-05-25). Dáta rochtana: 2022-05-26.
  7. "school resource officer" a bhí ann
  8. "Texas law enforcement official provides detailed timeline of deadly school shooting and police response" (en-US). www.cbsnews.com. Dáta rochtana: 2022-05-28.
  9. Keith Griffith (2022-05-25). "Timeline of terror: How Texas elementary school shooting unfolded". Mail Online. Dáta rochtana: 2022-05-26.
  10. Nuacht RTÉ (2022-05-25). "Stair fhada sléachtanna i scoileanna Mheiriceá." (as ga). 
  11. "Trump called 'grotesque' for reading names of school shooting victims at NRA convention" (en). indy100 (2022-05-28). Dáta rochtana: 2022-05-28.