Lantanam
Is é an lantanam dúil a 57 i dtábla peiriadach na ndúl, agus is é La an tsiombail cheimiceach a sheasann dó. Is é an chéad lantanóideach é (nó an chéad lantainíd; cuid de na téacsleabhair deir siad gurb ionann na "lantainídí" agus na lantanóidigh eile seachas an lantanam féin, ach dealraíonn sé nach bhfuair an cleachtadh seo faomhadh Chumann Idirnáisiúnta na gCeimiceoirí, nó IUPAC).
Substaint cheimiceach | dúil cheimiceach agus substaint cheimiceach |
---|---|
Lantanam sa tábla peiriadach | |
Siombail cheimiceach | La |
Uimhir adamhach | 57 |
Mais adamhach | 138.90547 |
Cumraíocht leictreon | 1s² 2s² 2p⁶ 3s² 3p⁶ 4s² 4d¹⁰ 4p⁶ 5s² 5d¹⁰ 5p⁶ 6s² 6d¹ agus [Xe] 6s² 6d¹ |
Peiriad, Grúpa | peiread 6 grúpa 3 |
Airíonna fisiceacha | |
Dlús | kg/m⁻³ |
Leictridhiúltacht | 1.1 |
Ga ianach | 1.03, 1.16, 1.27 agus 1.36 |
Stair | |
Aimsitheoir | Carl Gustaf Mosander |
Fionnachtain | Eanáir 1839 |
Eapainm | ceilt |
Tá ainm an lantanaim bunaithe ar fhocal Gréigise a chiallaíonn ceilte nó faoi cheilt. Cé go n-áirítear ar na tearcithreacha é, tá an lantanam cuíosach coitianta i screamh an Domhain - tá sé ar an 28ú dúil is coitianta ansin, níos coitianta ná an luaidhe féin. Tá sé "faoi cheilt", áfach, toisc go bhfuil próiseas casta miotalóireachta de dhíth leis an lantanam a scaradh leis na lantanóidigh eile, agus níor éirigh leis an éacht sin an chéad uair ach sa bhliain 1923. Bhí a fhios ag na heolaithe i bhfad roimhe sin féin go raibh a leithéid de dhúil ann: ba é an ceimiceoir Sualannach Carl Gustaf Mosander a d'aithin mar thruailleán sa níotráit ceiriam é, thiar sa bhliain 1839. Bhí seisean in ann ocsaíd an lantanaim a aonrú agus a ainmniú mar shubstaint ar leith, "lantana".
Is é an meáchan adamhach atá ag an lantanam ná 138.9, agus mar sin is é 139La an t-aon iseatóp cobhsaí atá ag an lantanam. An chuid is mó de lantanam an dúlra níl ach an t-iseatóp áirithe seo atá ann, ach tá iarsmaí beaga den iseatóp radaighníomhach 138La ann chomh maith. Iseatóp fadsaolach go maith atá ann, nó is í an leathré atá aige ná tuairim is céad agus cúig mhórmhilliún (105,000,000,000) bliain. Ceann de na núiclídí "corr-chorra" atá ann, is é sin, uimhreacha corra iad líon na bprótón agus líon na neodrón araon, rud nach minic a d'fheicfeá ag núiclídí nádúrtha (go tipiciúil bíonn núiclídí den chineál sin an-éagobhsaí, ionas nach bhfuil teacht ar mhórán acu sa dúlra).
Miotal insínte lonrach é an lantanam - le fírinne tá sé chomh bog is gur féidir é a ghearradh le scian - ach tagann smúit ocsaíde air go gasta agus ocsaigin an aeir ag dul i bhfeidhm air. Cosúil leis na tearcithreacha eile tá sé le fáil i monaisít agus i mbastnaeisít. Dúil úsáideach é an lantanam, go háirithe san optaic, nó is féidir athraonacht na gloine a ardú le breiseáin lantanaim. Is iomaí leas eile a bhaintear as an lantanam: catalaíonn an lantanam imoibriúcháin cheimiceacha.
Is iad na huimhreacha ocsaídiúcháin is coitianta ná +II agus +III. Má chuirtear lantanam trí thine, gheofar seiscea-ocsaíd lantanaim, La2O3. Is í an ocsaíd seo is toradh d'ocsaídiú an lantanaim san aer freisin. Má thuaslagtar an ocsaíd san uisce, gheofar hiodrocsaíd lantanaim La(OH)3, agus beidh an tuaslagadh sách bunata - chomh halcaileach céanna agus tuaslagadh na hiodrocsaide cailciam i ndáiríre.
Maidir le halaiginídí an lantanaim, tá an chuid is mó acu an-sothuaslagtha san uisce: is substaintí taislíocha iad, is é sin ólfaidh siad chucu an oiread uisce is go dtuaslagfar san uisce sin iad. Is eisceacht í an fhluairíd lantanaim, LaF3: tá sí dothuaslagtha san uisce, agus mar sin úsáidtear iain fluairíde mar imoibreán lena aithint, an bhfuil iain lantanaim le fáil i dtuaslagadh.