Leabhar Aifrinn Stowe
Lámhscríbhinn dhathmhaisithe Éireannach scríofa go formhór as Laidin, cuid bheag de as Sean-Ghaeilge, is ea Leabhar Aifrinn Lothra (aitheanta fosta mar as Leabhar Aifrinn Stowe), atá ó cheart ina sacraiminteach seachas leabhar aifrinn. Scríobhadh é go déanach san ochtú nó go luath sa naoú haois, is dócha tar éis na bliana 792. I lár na 11ú haoise, cuireadh gluaiseanna leis agus athscríobhadh roinnt leathanach ag Mainistir Lothra i gContae Thiobraid Árann.
Cineál | lámhscríbhinn dhathmhaisithe |
---|
Idir na blianta 1026 agus 1033, cuireadh cumhdach leis an leabhar. Athchóiríodh agus maisíodh an cumhdach cúpla uair go déanach sa mheánaois, go háirithe am éigin roimh an mbliain 1381, nuair a d'éag Pilib Ó Cinnéide, Iarla Urumhan, ag a raibh an leabhar ansin.[1]
Bhí seanscéal ann a dúradh gur fhág an lámhscríbhinn agus an cumhdach Éire timpeall na bliana 1375,[2] ach is dócha nach ceart é seo, óir go bhfuarthas iad laistigh de bhalla i gCaisleán Leacaoin gar do Lothra sa 18ú haois. Bhí siad curtha ann chun iad a chosaint ó na Normannaigh agus níos déanaí na Protastúnaigh, maraon le bradaithe Éireannacha.[3][4]
Tháinig an leabhar ar ais go hÉirinn san 18ú haois i measc lámhscríbhinní Stowe bailithe ag George Grenville as Stowe House, agus dá bharr glaoitear as Béarla the "Stowe" Missal air.[5] Tháinig é siúd agus lámhscríbhinní Éireannacha i seilbh Acadamh Ríoga na hÉireann sa bhliain 1883, áit atá sé anois, faoin uimhir catalóige LS D II 3.[6] Scaradh an cumhdach ansin ón leabhar, agus cuireadh é i nArd-Mhúsaem na hÉireann (uimhir 1883, 614a).[3]
Foinsí
cuir in eagar- Ó Floinn, Raghnall, "Cuntas Catalóige" agus "Description",The Stowe Missal Curtha i gcartlann 2022-03-27 ar an Wayback Machine, Meamran Páipéar Ríomhaire
- Mitchell, Perette. "The Inscriptions on Pre-Norman Irish Reliquaries". Proceedings of the Royal Irish Academy: Archaeology, Culture, History, Literature, imleabhar 96C, ui. 1, 1996. JSTOR, 25516156
- Moss, Rachel. Medieval c. 400—c. 1600: Art and Architecture of Ireland. Yale University Press, 2014. ISBN 978-03-001-7919-4
- O'Neill, Timothy. The Irish Hand: Scribes and Their Manuscripts From the Earliest Times. Corcaigh: Cork University Press, 2014. ISBN 978-1-7820-5092-6
- De Paor, Liam. "The Christian Triump: The Golden Age". In: Treasures of early Irish art, 1500 B.C. to 1500 A.D: From the collections of the National Museum of Ireland, Royal Irish Academy, Trinity College Dublin. Nua-Eabhrac: Metropolitan Museum of Art, 1977. ISBN 978-0-8709-9164-6
- O'Riain, Pádraig. "The Shrine of the Stowe Missal, Redated". Proceedings of the Royal Irish Academy: Archaeology, Culture, History, Literature. Imleabhar 91C, 1991. JSTOR 25516084
- Stalley, Roger. "Irish Art in the Romanesque and Gothic Periods". In: Treasures of early Irish art, qv.
- Stokes, Margaret, Early Christian Art in Ireland, 1887, 2004, Kessinger Publishing, ISBN 0-7661-8676-8, ISBN 978-0-7661-8676-7, google books[nasc briste go buan]
- Wallace, Patrick F., O'Floinn, Raghnall eag. Treasures of the National Museum of Ireland: Irish Antiquities, 2002, Gill & Macmillan, Baile Átha Cliath, ISBN 0-7171-2829-6
- Warner, George F., The Stowe Missal: MS. D. II. 3 in the Library of the Royal Irish Academy, Dublin, 1906, The Henry Bradshaw Society.
Naisc sheachtracha
cuir in eagar- The Stowe Missal, ar Acadamh Ríoga na hÉireann
- Íomhá níos sine den chlúdach
- Stowe Missal, Ord an Aifrinn, aistriúchán Béarla le Dr West, via archive.org
- The Stowe Missal in comparison with later Medieval English Usages of the Roman Mass, such as the Sarum, Google Books
- Treasures of early Irish art, 1500 B.C. to 1500 A.D., Stowe Missal cat. ui. 36,58
- Stowe Missal, Earlier Latin Manuscripts, NUIG