Is sraith de bhréagáin thógála a bhfuil gnaoi an phobail air é Lego (tá trádmharc ar LEGO le litreacha móra) a tháirgeann The Lego Group, comhlacht príobháideach atá lonnaithe in Billund na Danmhairge. Tá sé bunaithe ar bhrící beaga daite den chuid is mó. Is as stiréin bhútaidhé-éine aicrilinítríle atá na brící déanta. Cruthaítear 19 billiún bríce sa bhliain, nó thart ar 36,000 bríce gach nóiméad agus cruthaíodh breis is 400 billiún bríce ón mbliain 1958 i leith. Tá réimse leathan de rudaí ar féidir a thógáil le brící Lego; tá 915 milliún bealach ann le 6 bhríce Lego a chur lena chéile.

Bosca Sonraí EagraíochtaLego
lang=ga
Cuir in eagar ar Wikidata

Ainmnithe in ómósLego Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálcuideachta phríobháideach Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlíaktieselskab (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1932
Bunaitheoir(í)Ole Kirk Christiansen Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
TáirgeLego agus bogearra Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
Príomhoifigeach feidhmiúcháinNiels B. Christiansen (2017–) Cuir in eagar ar Wikidata
Stiúrthóir/bainisteoirNiels B. Christiansen Cuir in eagar ar Wikidata
Líon fostaithe17,431 (2020) Cuir in eagar ar Wikidata
ÚinéirKirkbi (en) Aistrigh (75%).
Koldingvej 2, Billund (en) Aistrigh (25%). Cuir in eagar ar Wikidata
Fochomhlacht
Táscaire eacnamaíoch
Ioncam iomlán36,400 Mkr (2018) Cuir in eagar ar Wikidata
Glanbhrabús9,174 Mkr (2015) Cuir in eagar ar Wikidata
Sócmhainní iomlána27,877 Mkr (2015) Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinlego.com Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: co0104950 Facebook: lego Twitter: LEGO_Group Instagram: lego LinkedIn: lego-group Youtube: UCP-Ng5SXUEt0VE-TXqRdL6g Spotify: 7K5Pd9Rp3Gd6NFlulKHIzd iTunes: 1548462192 Deezer: 118657612 Cuir in eagar ar Wikidata

Cúlra an chomhlachta cuir in eagar

 
Lego Duplo

Is ó leg godt na Danmhairgise a thagann an focal Lego, spraoi go maith a chiallaíonn sé. Ba shiúnéir Danmhairgeach é Ole Kirk Christiansen a thosaigh an comhlacht sa bhliain 1932 agus dhéantaí bréagáin adhmaid ar dtús. Is sa bhliain 1949 a thosaigh an comhlacht ag cur brící tógála ar fáil agus tá sé ag dul ó neart go neart ó shin. Tuigtear go bhfuil suas le 62 bríce ann in aghaidh gach duine ar an domhan seo.

Bhí deacrachtaí gnó ag Lego ag tús na mílaoise seo is ní raibh brabús á dhéanamh acu. D'imigh paitinn na mbrící ó mhaith agus bhí cead ag comhlachtaí ar nós Megablocks agus eile brící atá inúsáidte le brící Lego féin a chruthú. Tar éis do Lego díriú ar fhoirne speisialta do dhomhan Harry Potter agus Star Wars is nascadh le cluichí ríomhaireachta is mar sin de tháinig athrú ar chúrsaí. Locht a fhaightear orthu ná go bhfuil an costas ard go maith. Cuid den fáth go bhfuil costas chomh hard sin ar Lego, dar leis an gcomhlacht, ná go bhfuil siad fíorthiomanta táirge ar ardchaighdeán a chur ar fáil.

Legoland cuir in eagar

Tá páirceanna siamsaíochta ann darbh ainm Legoland le rollchostóirí is olldealbha déanta as Lego. Bíonn ceardlanna ar fáil iontu chomh maith. Tá sé cinn suite ar fud an domhain.

  • Legoland Windsor
  • Legoland Billund (An Danmhairg)

Mindstorms cuir in eagar

Is é Mindstorms an pacáiste aonair is mó díol riamh ag an gcomhlacht agus is iomaí comórtas innealtóireachta is deartha do leithéidí NASA a bhaineann úsáid as na brící cliste seo. Is bealach atá ann le gluaiseacht a chur faoi Lego agus ríomhchláru a dhéanamh ar róbait Lego.

Eolas eile cuir in eagar

Tá scannáin, is cláir theilfíse bunaithe ar Lego ann. Táthar ann a dhéanann ealaín as na brící, dealbha móra nó radharcanna atá lomlán le mionsonraí. Tá leagan den Bhíobla curtha i láthair trí Lego ann. Cuireann roinnt den nuálaíocht seo agus na mionpháirteanna speisialaithe ach go háirithe as do chuid de lucht leanúna Lego.

Ní dhéantar gunnaí ach do na seiteanna fantaisíochta, toisc nár mhaith leis an gcomhlacht an foréigean a chur chun cinn. Tá poll i gcloigeann na gcarachtar le nach dtachtfaidh páistí orthu. Ní bhíodh daoine le gruaig fhionn ann mar nach n-oirfeadh sé do na haghaidheanna buí.

Tagairtí cuir in eagar