Is sraith seacht n-úrscéal fantaisíochta é Harry Potter leis an údar Sasanach J. K. Rowling, agus ainm an phríomhcharachtair. Draíodóir óg is ea Harry a fhreastalaíonn ar Scoil Chomhoideachais Draíodóireachta Hogwarts. Tá seacht leabhar sa tsraith, leabhar faoi gach bliain a chaitheann an dalta ar Hogwarts. Baineann an chuid is tábhachtaí den phlota leis an gcomhrac idir Harry agus an Tiarna Dubh, Voldemort.

WD Bosca Sonraí LeabharHarry Potter

Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálheptalogy (en) Aistrigh, sraith úrscéalta agus canóin Cuir in eagar ar Wikidata
Cárta innéacs
ÚdarJ. K. Rowling Cuir in eagar ar Wikidata
TeangaBéarla na Breataine agus Béarla Cuir in eagar ar Wikidata
MaisitheoirMary GrandPré, Jim Kay (en) Aistrigh, Kazu Kibuishi (en) Aistrigh, Jonny Duddle agus Andrew Davidson (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ealaín chlúdaigh leMary GrandPré Cuir in eagar ar Wikidata
Foilseachánan Ríocht Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata, an Ríocht Aontaithe, 1997 Cuir in eagar ar Wikidata
FoilsitheoirBloomsbury Publishing, Scholastic Corporation, Salamandra (en) Aistrigh, Azbuka (en) Aistrigh, Rosman (en) Aistrigh, A-ba-ba-ha-la-ma-ha (en) Aistrigh, Raincoast Books (en) Aistrigh, Egmont Bulgaria (en) Aistrigh agus Zangak (en) Aistrigh
Le cuidHarry Potter agus an Órchloch
Harry Potter agus Ord an Fhéinics
Harry Potter agus an Prionsa Leathfhola
Harry Potter agus Taisí an Bháis
Harry Potter agus Cuach na Lasracha
Harry Potter agus an Seomra Diamhair
Harry Potter agus Príosúnach Azkaban
Harry Potter prequel Cuir in eagar ar Wikidata
Tréith
Príomhábharcairdeas, misneach, ógántacht, féinfhollasú, bás agus magic in Harry Potter (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Seánrafantaisíocht, ficsean do dhaoine fásta óga, developmental novel (en) Aistrigh agus ficsean do pháistí Cuir in eagar ar Wikidata
Carachtair
Suíomh scéalaíochtaSasana Cuir in eagar ar Wikidata
Taispeánann sé/síscoil chónaithe Cuir in eagar ar Wikidata
Ar siúl i gcruinne ficseanúilHarry Potter universe (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Suíomh gréasáinwizardingworld.com Cuir in eagar ar Wikidata
Instagram: harrypotterfilm Cuir in eagar ar Wikidata
Stampaí poist (le clúdaigh leabhair sa tsraith) a eisíodh sa bhliain 2007 sa Ríocht Aontaithe

Is sraith an-cháiliúil é. Díoladh os cionn 500,000,000 cóipeanna ó foilsíodh an chéad leabhar i 1997. Scríobhadh an tsraith as Béarla, ach tá na leabhair aistrithe go hochtó teanga ar a laghad anois. D'aistrigh Máire Nic Mhaoláin an chéad leabhar go Gaeilge mar Harry Potter agus an Órchloch.

Feictear neart téama agus seánra sna seacht leabhar, ina measc an bás, an scoil, an grá, an fhantaisíocht, an chumhacht agus ag teacht in aois.

Ag tosú i 2001, rinne an comhlacht úd Warner Brothers sraith scannán bunaithe ar na leabhair, le dhá cheann faoin leabhar deireanach (Harry Potter agus Taisí an Bháis, Cuid a hAon agus a Dó). Rinne Daniel Radcliffe páirt an phríomhcharachtair, le Emma Watson agus Rupert Grint ag déanamh páirt a chairde Hermione Granger agus Ron Weasley.

Liosta Leabhar cuir in eagar

Tá seacht leabhar sa tsraith:

  1. Harry Potter agus an Órchloch
  2. Harry Potter agus an Seomra Diamhair
  3. Harry Potter agus Príosúnach Azkaban
  4. Harry Potter agus Cuach na Lasracha
  5. Harry Potter agus Ord an Fhéinics
  6. Harry Potter agus an Prionsa Leathfhola
  7. Harry Potter agus Taisí an Bháis

Tháinig an seachtú leabhar, Harry Potter agus Taisí an Bháis, i gcló ar an 21 Iúil 2007. D'fhoilsigh Bloomsbury, an chuideachta foilsitheoireachta a chuir na leabhair Bhéarla i gcló, leagan Gaeilge den chéad leabhar sa tsraith, Harry Potter agus an Órchloch, sa bhliain 2004. Ba í Máire Nic Mhaoláin a chuir Gaeilge ar an mbuntéacs.

Scéal cuir in eagar

Léargas cuir in eagar

Is é is ábhar do na leabhair ná eachtraí Harry Potter, dílleachta buachalla, atá ina chónaí le muintir Dursley, is é sin, a aintín Petunia, a uncail Vernon agus a chol ceathrair Dudley. Ag tús na sraithe, bíonn sé ina chodladh sa chupard faoin staighre agus tugann na Dursleys, ar Mugail (daoine nach bhfuil draíocht acu) iad, an-drochbhail air. Ach faigheann sé amach ar a aonú breithlá déag go bhfuil áit aige i Scoil Hogwarts, mar gur draíodóir é. Insíonn Rubeus Hagrid, coimeádaí na n-eochracha ag Hogwarts, dó gur maraíodh tuismitheoirí Harry ag an Tiarna Dubh, Voldemort, in ionad bás a fháil i dtimpiste ghluaisteáin mar a d’insíodh na Dursleys dó. Nuair a thug Voldemort faoi Harry a mharú, áfach, theip air agus chaill sé a chuid cumhachtaí, agus d’éalaigh Harry gan air ach colm ar a éadan a bhfuil cruth splanc thintrí air, mar go bhfuair máthair Harry, Lily, bás lena chosaint. Tá an-cháil ar Harry i ndomhan na ndraoithe mar sin. Mínítear níos déanaí sa tsraith go raibh Voldemort ag iarraidh Harry a mharú mar gheall ar thairngreacht a rinne Sybil Trelawney (a rinneadh múinteoir de chuid Hogwarts di ina dhiaidh sin) agus ar chuala Severus Snape (a rinneadh múinteoir de chomh maith) cuid de.

Baineann Harry an-taitneamh as an gcuid is mó dá chuid ama ar Hogwarts. Is fuath leis an tOllamh Snape ach éiríonn sé mór leis an bpríomhoide, Albus Dumbledore. Is iad Ron Weasley agus Hermione Granger a phríomhchairde, agus tá sé cairdiúil chomh maith le Rubeus Hagrid, an maor; Neville Longbottom; Luna Lovegood; agus neart eile. I rith na sraithe feictear ag siúl amach le roinnt cailíní é, mar atá, Ginny Weasley agus Cho Chang.

Cé go mbaineann an-chuid de na leabhair le saol scoile Harry ar Hogwarts, mar atá, ranganna, scrúdaithe, agus araile, is éard is príomhsnáithe an scéil ná a chogadh le Voldemort. Tá achoimre ar an snáithe seo thíos.

Tús na sraithe cuir in eagar

Sa chéad leabhar, tuigeann Harry agus a chairde go bhfuil duine éigin (measann siad gurb é an tOllamh Snape atá ann) ag iarraidh an Órchloch a ghoid, atá i bhfolach i ndoinsiún rúnda faoi chaisleán Hogwarts. I ndeireadh na dála, nuair a thugann siad faoi Snape a stopadh agus faoin gcloch a shábháil, tarlaíonn sé gurb é an tOllamh imníoch Quirrell atá sa tóir ar an Órchloch. Tá Quirrell ag iarraidh na cloiche chun an Tiarna Voldemort a athbheochan, agus tá spiorad Voldemort ag roinnt a choirp, agus a aghaidh ar chúl chinn Quirrell. Faigheann Quirrell bás i dtroid mar nach féidir leis a lámh olc a leagan ar Harry soineanta.

Sa dara leabhar, Harry Potter agus an Seomra Diamhair, cuireann 'cuimhne' an déagóra Tom Marvolo Riddle (a d’fhreastalaíodh ar Hogwarts caoga bliain ó shin, agus a chuir cuid dá anam ina dhialann) Ginny Weasley faoina smacht, agus bíonn ar Ginny rínathair ársa a ligean saor ó sheomra rúnda finscéalach faoin gcaisleán chun daltaí de shliocht Mugal (Hermione san áireamh) a ionsú. Ag deireadh an úrscéil, nuair a fhuadaítear Ginny agus tógtar ann í, téann Harry isteach sa Seomra Diamhair, agus buaileann sé le scáil Tom Marvolo Riddle, a léiríonn gur anagram é a ainm ar "I am Lord Voldemort" ("Is mise an Tiarna Voldemort") – an Tiarna Dubh óg atá i Riddle. Scriosann Harry an dialann le goineog na rínathrach, tar éis dó í a mharú le Claíomh Gryffindor, agus faigheann scáth Riddle bás agus bíonn Ginny slán sábháilte.

Lár na sraithe cuir in eagar

Is é an chéad leabhar eile, Harry Potter agus Príosúnach Azkaban, an t-aon leabhar amháin den tsraith nach mbuailtear le Voldemort ann. Ina ionad sin, creidtear ar feadh na cuide is mó den leabhar gurb é an namhad is dainséaraí dá bhfuil ag domhan na ndraoithe ná Sirius Black, iarchomhghuaillí mór le Voldemort, atá tar éis éalú ó phríosún na ndraoithe, Azkaban. Faigheann Harry, Ron agus Hermione amach ag deireadh an leabhair, áfach, go raibh Black – athair baistí Harry – neamhchiontach tar éis an tsaoil, agus gurb é Peter Pettigrew, a d’iompaigh sé féin ina fhrancach na blianta ó shin agus a bhí mar pheata le Ron, a rinne na coireanna. Éalaíonn Pettigrew, áfach, agus ní ghlantar ainm Sirius, ach éalaíonn Sirius chomh maith.

Ag deireadh an ceathrú leabhar, agus le cabhair Peter Pettigrew, tagann Voldemort i gcumhacht arís, is é sin, cruthaítear corp nua dá spiorad. Tá Harry mar fhinné ar an athbheochan, ach ní chreideann ach cuid bheag dá chairde agus dá mhúinteoirí go bhfuil sé ag insint na fírinne nuair a deir sé go bhfuil Voldemort fillte. I rith an cúigiú leabhar, Harry Potter agus Ord an Fhéinics, athbhunaíonn Dumbledore grúpa draoithe a throideann in aghaidh Voldemort darb ainm Ord an Fhéinics, ach bíonn feachtas clúmhillte ar bun ag an Roinn Draíochta in aghaidh Dumbledore agus in aghaidh Harry, go dtí go dtarlaíonn cath idir fórsaí Voldemort, agus fórsaí Dumbledore agus cairde Harry, in oifigí na Roinne féin. Maraítear Sirius sa chath seo, agus bíonn ar an Aire Draíochta éirí as a phost. Admhaíonn Dumbledore do Harry go gcaithfidh ceachtar Harry nó Voldemort an duine eile a mharú, mar gur chuala Voldemort tairngreacht de chuid Sybil Trelawney a dúirt an méid sin agus gur chuir sé muinín inti sin.

Leabhair dheireanacha na sraithe cuir in eagar

Sa leabhar ina dhiaidh sin, Harry Potter agus an Prionsa Leathfhola, múineann Dumbledore do Harry faoi stair Voldemort. Insítear do Harry gur roinn Voldemort a anam ina seacht bpíosa, agus gur chuir sé na píosaí eile i sé réad difriúil ar a dtugtar Horcruxes, ionas nach bhfaigheadh sé bás riamh. Nochtann Dumbledore, áfach, go raibh an dialann a scrios Harry ina Horcrux, agus go bhfuil Horcrux eile, fáinne, scriosta aige féin cheana. Mar sin tá ceithre Horcrux fágtha, agus caithfear iad a mhilleadh sular féidir Voldemort féin a mharú. Téann Dumbledore agus Harry ar aistear chun ceann amháin díobh a aimsiú, ach ní fhaigheann siad ach macasamhail atá fágtha ina áit ag gadaí éigin eile, agus nuair a fhilleann siad ar Hogwarts, tá cuid de lucht tacaíochta Voldemort sa chaisleán, agus maraíonn Snape Dumbledore agus an cath ar siúl. Beartaíonn Harry gan filleadh ar Hogwarts an bhliain ina dhiaidh sin, ach na Horcruxes eile a chuardach.

Sa leabhar deireanach, Harry Potter agus Taisí an Bháis, titeann an Roinn Draíochta faoi smacht Voldemort. Téann Harry, Ron agus Hermione sa tóir ar na Horcruxes eile, agus le deireadh an leabhair, tá siad go léir millte. Bíonn cath ann ag Hogwarts, lena linn a maraítear neart carachtar, Snape san áireamh. Tugann Snape a chuid cuimhní do Harry agus é ag fáil bháis, agus sa tslí seo faigheann Harry amach go raibh grá gan chúiteamh ag Snape do Lily (máthair Harry), go raibh bás Dumbledore socraithe aige féin agus ag Snape (mar gheall ar iomaí fáth, ina measc, seilbh Thaisí an Bháis, trí réad ársa mór le rá atá mar chathú ar charachtair an leabhair), agus go bhfuil cuid d’anam Voldemort ina chónaí taobh istigh de chorp Harry ón gcéad lá a rinne Voldemort iarracht é a mharú. Bíonn ar Harry é féin a íobair do Voldemort sa chaoi go marófar an chuid seo. Tar éis dó tréimhse ghearr a chaitheamh idir an saol seo agus an saol eile, ina dtaibhsítear Dumbledore dó, filleann sé ar an saol ceart agus maraíonn sé Voldemort. Feictear Harry in eipealóg atá suite naoi mbliana déag níos déanaí, ina bhfuil sé pósta le Ginny agus triúr clainne acu.

Hogwarts cuir in eagar

I dtús na sraithe, agus é tar éis a fháil amach go bhfuil sé ina ábhar draíodóra, tugann Harry aghaidh ar scoil na ndraíodóirí, Hogwarts. Albus Dumbledore atá mar phríomhoide na scoile.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar