Voldemort
Is é Tom Marvolo Riddle, nó an Tiarna Voldemort mar a bhaist sé air féin, deargnamhaid Harry Potter i sraith leabhar agus i sraith scannán Harry Potter. Tá an oiread sin eagla ar mhuintir dhomhan na ndraíodóirí roimh a ainm féin, áfach, go dtugtar Mac-an-Té-Úd-Eile nó An-Té-Nach-Luaitear-a-Ainm air go forleathan. Tá an Tiarna Dubh mar theideal air leis, ach is iad a dheisceabail is mó a thugann sin air.
Tá gráin ag Voldemort do dhraíodóirí nach bhfuil fuil íon iontu, is é sin, do dhraíodóirí atá de shliocht Mugal (daoine nach draíodóirí iad), rud atá coitianta go leor i ndomhan Harry Potter. D'ainneoin sin is draíodóir leathfhola é Voldemort féin, ó ba Mhugal é a athair. Ar thaobh a mháthar, áfach, síolraíonn Riddle ó mhuintir a chreideann go bhfuil draíodóirí íonfhola níos fearr go deo ná aon dream eile, agus atá de shliocht Salazar Slytherin, duine den cheathrar a bhunaigh Scoil Chomhoideachais Draíodóireachta Hogwarts. Tá sé mar aidhm ag Voldemort agus a dheisceabail go mbeadh lucht na híonfhola i réim, agus cruthaíonn an Tiarna Dubh sé Horcrux - réada ina bhfuil codanna dá anam i bhfolach - ionas nach bhfaighidh sé bás choíche. Bíonn ar Harry Potter, laoch na scéalta, na Horcruxes a scriosadh agus Voldemort a mharú, mar gheall ar thairngreacht inar dúradh go gcaithfeadh ceachtar Harry nó Voldemort an duine eile a mharú sa deireadh thiar.
Tagairtí
cuir in eagarIs síol a bhaineann le scannáin nó scannánaíocht é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |