Má bhíonn dhá leictreoid, den mhiotal céanna fiú, sáite i dtuaslagán leictrilíteach agus má cheanglaítear foinse seachtrach voltais idir na leictreoidí seo, rithfidh sruth tríd an gcóras. Rithfidh an sruth isteach i leictreoid amháin, ar a dtugtar an anóid, tríd an tuaslagán ón anóid go dtí an leictreoid eile, ar a dtugtar an chatóid, agus ansin amach ón gcatóid. Voltaiméadar a thugtar ar an ngléas seo, agus leictriliú a thugtar ar a dtarlaíonn ina iomláine sa voltaiméadar. Le gléas mar seo, is féidir comhdhúile a dheighilt i bhfoirmeacha níos simplí le fuinneamh leictreach. Mar shampla, nuair a leictrilítear uisce idir dhá leictreoid thámha, tarlaíonn an dá leathimoibriú seo a leanas: ag an gcatóid 2 e- + 2 H2O → H2 + 2 OH- (dí-ocsaídiú), agus ag an anóid H2O → ½O2 + 2 H+ + 2 e- (ocsaídiú).