Linaria (éan)

géineas éan

Is géineas d’éin bheaga phasaireacha san fhine Fringillidae (Glasáin) é Linaria.

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoLinaria Cuir in eagar ar Wikidata

Carduelis flavirostris Cuir in eagar ar Wikidata  
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtAnimalia
FíleamChordata
AicmeAves
OrdPasseriformes
FineFringillidae
FofhineCarduelinae
GéineasLinaria Cuir in eagar ar Wikidata
Bechst., 1802

Roimhe seo bhí na speicis san áireamh sa ghéineas Carduelis. Fuair staidéar móilíneach fíliginiteach, ag baint úsáide as seichimh d'aigéad dí-ocsairibeanúicléasach (ADN) miteacoindreach agus núicléacha, a foilsíodh sa bhliain 2012, go raibh an géineas polaifíléiteach.[1] Dá bhrí sin roinneadh é ingenera monaifíléiteacha agus bhog an ghleoiseach sléibhe (Béarla: twite) agus na gleoiseacha eile go dtí an géineas athbheoite Linaria .[2] Thug an nádúraí Gearmánach Johann Matthäus Bechstein an t-ainm isteach ar dtús sa bhliain 1802.

Speicis cuir in eagar

Íomha Ainm eolaíoch Ainm coitianta Dáileadh
  Linaria flavirostris Gleoiseach shléibhe Tuaisceart na hEorpa agus ar fud lár na hÁise
  Linaria cannabina[3] Gleoiseach choiteann An Eoraip, iarthar na hÁise agus tuaisceart na hAfraice
  Linaria yemenensis Gleoiseach Éimineach An Araib Shádach agus Éimin
Linaria johannis Gleoiseach Warsangli An tSomáil

Tagairtí cuir in eagar

  1. Zuccon (2012). "The phylogenetic relationships and generic limits of finches (Fringillidae)". Molecular Phylogenetics and Evolution 62 (2): 581–596. doi:10.1016/j.ympev.2011.10.002. PMID 22023825. 
  2. Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}. Gill: "". World Bird List Version 5.2.
  3. “Linaria cannabina” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.