Passeriformes
An meantán dubh Periparus ater
An meantán dubh Periparus ater

Aicmiú eolaíoch
Fearann:Eukaryota
Ríocht:Animalia
Fíleam:Chordata
Fofhíleam:Vertebrata
Aicme:Aves
Fo-aicme:Neornithes
Forord:Neoaves
Ord:Passeriformes
Fo-oird

Is éard is éan pasaireach ann ná ord uiledhomhanda éan den ord Passeriformes, a chuimsíonn níos mó ná leath de na speicis éan atá beo ar Domhan anois. In amanna, tugtar éin ghróigthe (a sheasann ar chraobh) orthu, nó éin cheoil, trí shocrú a ladhracha ( 4 ladhar, ceann acu dírithe ar gcúl is i gcoinne na gceann eile.), rud a éascaíonn dóibh bheith ina sheasamh ar chraobh, i measc gnéithe eile a bhaineann go sonrach lena stair éabhlóideach sna hAustralaves.

Le níos mó ná 140 fine agus thart ar 6,500 speiceas aitheanta,[1] is é na Passeriformes an t-ord is mó éan agus i measc na n-ord is éagsúla de na veirteabraigh talún. Tá siad roinnte ina dtrí fHo-ord: Acanthisitti (dreoilíní na Nua-Shéalainne), Tyranni (suboscines) agus Passeri (oscines).[2] Tá go leor grúpaí de sheadáin ghoir sna pasairigh mar na Viduidae, an Anomalospiza imberbis, agus na Molothrus. Tá an chuid is mó de na pasairigh uiliteach, cé go bhfuil na scréacháin. feoiliteach. Faightear na téarmaí "pasaireach" agus "Passeriformes" ón ainm Laidineach Passer domesticus, agus sa deireadh ón téarma Laidineach passer, a thagraíonn don ghealbhain agus d'éin bheaga den chineál céanna.

TagairtíCuir in Eagar

  1. "Family Index". IOC World Bird List Version 10.1 (2020).
  2. A phylogenetic hypothesis for passerine birds: Taxonomic and biogeographic implications of an analysis of nuclear DNA sequence data. Proceedings of the Royal Society B: Biological Sciences,269, 1488,295–308, 2002