Logagram
Is éard is logagram nó logagraf ann ná graiféim a fheidhmíonn ar son focail nó moirféime (an t-aonad is lú brí i dteanga). Seasann sé seo i gcodarsnacht le fónagraim, a sheasann d'fhóinéimí (fuaimeanna urlabhra) nó cónaisc d'fhóinéimí, agus cinntiúcháin, a mharcálann catagóirí séimeantacha amach.
Go minic freisin, tugtar idéagraim orthu. Sa chruinnchaint, áfach, cuireann idéagraim smaointe in iúl go díreach seachas focail agus moirféime, agus níl aon cheann de na córais logagrafacha atá tuairiscithe anseo idéagrafach go fírinneach.