Loscadh na dílleachtlainne sa Chabhán

Ar 24 Feabhra 1943, chuaigh dílleachtlann trí thine i mbaile an Chabháin i lár na hoíche. Scoil saothair Naomh Iosaf an t-ainm ar an dílleachtlann agus ba leis na Cláiríní Bochta í. Cailleadh 35 cailín, dílleachta uilig (an ghirseach is óige 4 bliain d'aois) agus bean mhí-ámharach amháin (80 bliain d'aois, ar cuairt ag an am).[1][2][3][4]

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtLoscadh na dílleachtlainne sa Chabhán
Íomhá
Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 53° 59′ 31″ N, 7° 21′ 35″ O / 53.99191°N,7.35965°W / 53.99191; -7.35965
Cineáltine struchtúr Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhContae an Chabháin, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
TírÉire Cuir in eagar ar Wikidata
St Clare's Church, Convent Court... tá plaic ann inniu
St Clare's Church
Reilig inniu

Cuireadh cailíní sa dílleachtlann ar chúiseanna éagsúla – mar shampla, dá mba rud é go bhfuair an mháthair bás, measadh nach raibh sé ceart iad a fhágáil faoi chúram a n-athar.[5]

Bhí teach níocháin ann mar chuid den dílleachtlann.

Ní raibh aon mheas ar mhuintir an bhaile ar na cailíní; mar shampla caitheadh clocha leis na dílleachtaí uaireanta nuair a bhí siad amuigh.[6]

An tubaiste

cuir in eagar

Bhí 90 duine in iomlán ina gcodladh sna suanliosanna nó san otharlann. Ní raibh ach trí urlár sa bhfoirgneamh, urlár na talún san áireamh.

Loisceadh ina mbeatha na cailíní nó bhásaigh siad de bharr ionanálú deataigh. "Druil dóiteáin lochtach, barraíocht doirse faoi ghlas – ina measc doras an staighre éalaithe, seirbhísí mí-éifeachtacha dóiteáin agus níos measa arís, leasc ar na mná rialta na cailíní a chur amach ar an tsráid ar eagla go bhfeicfeadh an pobal iad agus a ngúnaí oíche orthu."[7]

Níor aslonnaigh na mná rialta - agus Miss O'Reilly - na cailíní as an bhfoirgneamh. Ach bhí cúpla nóiméad ann chun é sin a dhéanamh. Dúirt an tuarascáil oifigiúil, "Miss O'Reilly committed a grave and critical error of judgement and this would not have happened had she been a person of calmer character, better training or a fuller sense of responsibilites ... she lost her head".[1]

Múinteoir tuata ba ea Miss O'Reilly agus tháinig sí slán as. Saoradh ó gach cúis na mná rialta, a tháinig go léir slán as an tragóid chomh maith.

Bhí sé ina ráfla, agus ní raibh ann ach ráfla, go ndúradh leis na cailíní gan a theacht anuas ón seomra ina rabhadar, "toisc go raibh siad gléasta i gcultacha oíche agus nár mhian leis na mná rialta go bhfeicfeadh na fir dhóiteán iad".[5] I ndáiríre, bhí na Siúracha (níl ach ceathrar luaite sa Tuarascáil) amuigh sa chlós, is cosúil, agus sheas siad i leataobh ag faire agus ní dhearna siad faic.[1]

Rinne daoine sa bhaile tréaniarracht dul isteach le cúnamh a thabhairt. Ach ghlac sé mórchuid ama dréimirí a aimsiú agus ní raibh a fhios acu ar dtús, creid nó ná creid, conas síneadh a bhaint as na dréimirí. Léim triúr anuas as fuinneoga ar an dara urlár. Ba bheag nár chaill fear, John McNally, a shaol san iarracht a rinne sé an tine a mhúchadh.

Dúnadh an dílleachtlann in 1981. Tharla athfhorbairt ó shin. Níl aon leacht cuimhneacháin ar an bpríomhshráid ar chor ar bith (go dtí 2024 ar aon nós) ach tá plaic chuimhneacháin in aice le Saint Clare's Chapel, taobh thiar de.[5][8][9]

Féach freisin

cuir in eagar
  1. 1.0 1.1 1.2 Tribunal of Inquiry / library.nuigalway.ie (1943). "Report of the tribunal of inquiry into the fire at st. Joseph's orphanage, Main Street, Cavan, 23 Feb. 1943". Dáta rochtana: 2024.
  2. "637. Gléasta don Uaigh: Cabhán" (en). ancroiait (2017-02-25). Dáta rochtana: 2022-02-24.
  3. "SCANNAL The Cavan Fire ***Last in Series*** | RTÉ Presspack". presspack.rte.ie. Dáta rochtana: 2022-02-24.
  4. Kate O'Connell, Fine Gael (5 Feabhra, 2018). "'Holy Catholic Ireland was a monstrous hoax'" (as en). 
  5. 5.0 5.1 5.2 Mairéad Ní Nuadháin (3 Márta 2023). "Ná ligimis i ndearmad mná Mhaighdiléana" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-03-05.
  6. Mark Hilliard (2018). "Life in Cavan orphanage destroyed by fire was ‘cruel’ – survivor" (en-IE). The Irish Times. Dáta rochtana: 2024-02-24.
  7. Aodhán Ó Raghailligh, An tUltach 90 (2), lch 23, 1 Feabhra 2013
  8. Facebook. "Remember the Cavan Orphanage Victims" (en-IE). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2024-02-24.
  9. "St Clare’s Convent". cavanwalkinghistory.ie. Dáta rochtana: 2024-02-24.