Tithe Maigdiléanacha
Mhair na tionscadail chlochair ar a dtugtar na Neachtlanna nó Tithe Níocháin Maigdiléanacha[1] ó lár an ochtú haois déag go dtí deireadh an fichiú haois. Bhí mná curtha ann ar feadh na mblianta fada, mná a bhí "as a meabhair", "neamh-inmhianaithe", nó ag iompar clainne.[2]
Ainmnithe in ómós | Máire Mhaigdiléana |
---|---|
Sonraí | |
Reiligiún | an Eaglais Chaitliceach Rómhánach |
Gníomhaíocht | |
Sprioclucht féachana | fallen woman (en) agus striapach |
Fuarthas na Tithe timpeall na Ríochta Aontaithe, sna Stáit Aontaithe, i gCeanada, san Astráil agus fiú sa tSualainn. Osclaíodh an chéad cheann sa bhliain 1758 in Whitechapel, Londain.[4] Bunaíodh an Magdalen Society of Philadelphia in 1800.[5] In 1900, 300 Teach i Sasana. Bhí eitic Chríostaí acu de ghnáth, agus de chuid na bProtastúnach an chuid is mó.
Bhí na mná ann go minic ar a dtoil féin agus le hathshlánúchán is mó a bhain a gcuid oibre.
Uaireanta, agus in Éirinn go háirithe, chaith na mná a saol ag sclábhaíocht, lá i ndiaidh lae ag déanamh níocháin daoine eile. Ba thithe déirce iad na Neachtlanna ón taobh amuigh; thug siad deis don phobal éalú ó fhreagracht agus a bheith saor ó chiontacht. Ba phríosúin bhrúidiúla iad, áfach do na créatúir a raibh sé de mhí-ádh orthu a bheith caite isteach iontu.
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ Tugtar neachtlanna Maighdilíneacha, Tithe Níocháin Maigdiléanacha, nó Árais máithreacha agus naíonán (in Éirinn) orthu uaireanta; i mBéárla, Magdalene Laundries srl
- ↑ Ciara Nic Gabhann (Nollaig 2002). "Rún na dTithe Níocháin Maigdiléanacha" (ga-IE). Beo!. Dáta rochtana: 2023-03-05.
- ↑ Finnegan, F.: Do Penance or Perish. A Study of Magdalen Asylums in Ireland. Congrave Press, Ireland, Piltown, Co. Kilkenny (2001).
- ↑ regencyhistory.net. "Regency History" (en-GB). Regency History. Dáta rochtana: 2024-08-31.
- ↑ "Magdalen Society" (en-US). Encyclopedia of Greater Philadelphia. Dáta rochtana: 2024-08-31.