Love Island (clár teilifíse)

Clár réaltachta teilifíse is ea Love Island, a tháinig chun cinn sa Ríocht Aontaithe sa bhliain 2005, de chuid ITV Studios ag an am, agus an-tóir air ó shin. Is saincheadúnas é, agus leaganacha go leor de ar fud an domhain.

Infotaula de sèrie de televisióLove Island
Séanrateilifíse réaltachta
Tíran Ríocht Aontaithe

Siamsaíocht cuir in eagar

Bíonn daoine tógtha le Love Island mar go mbaineann sé le a bheith ag féachaint ar shaol dhaoine eile agus ag cúlchaint fúthu sa bhaile agus ar na meáin shóisialta.[1] Is scéalta daonna atá i gceist, turgnaimh shóisialta ina bhfeiceann muid caidrimh ag forbairt agus ag bláthú, croíthe á mbriseadh, agus áit a dtig linn amharc ar dhaoine áille.[2]

Ach tarlaíonn b;fhéidir na píosaí is fearr de Love Island ar na meáin shóisialta agus ar líne an chuid eile den am nuair nach mbíonn an clár ar siúl. Is breá leis an lucht féachana anailís a dhéanamh ar na cinntí a dhéanann réalta an chláir, srl.[2]

Tá an pobal páirteach ann sa tslí agus gur féidir leis an bpobal vótaí a chaitheamh,

Conspóidí cuir in eagar

Tharraing an clár conspóid go minic mar gheall ar an mbrú a bhíonn ar na rannpháirtithe agus iad i dteach ar feadh an tsamhraidh.

Féach freisin cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar

  • Podchraoladh Orlaith Condon, My Pod on Paper, áit a ndéanann sí mionchur síos agus anailís ar an méid a tharla an oíche roimh ré ar an chlár.[3]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Póilín Nic Géidigh / RTÉ (2022-08-02). "Cúlchaint, cáineadh agus cúrsaí grá: Love Island" (as ga). 
  2. 2.0 2.1 Póilín Nic Géidigh (15 Iúil 2022). "Albam, féile nó podchraoladh uait? Tá roinnt moltaí againn duit…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-01-15.
  3. "‎My Pod On Paper | The unofficial Love Island podcast on Apple Podcasts" (en-GB). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2023-01-15.