Luíochán Rínníne

Ionsaí IRA a tharla i rith Cogaidh na Saoirse in Éirinn

Is éard atá i gceist le Luíochán Rinnín (Béarla: Rineen Ambush) ná ionsaí a dhearna baill ó Bhriogáid Láir an Chláir de chuid an IRA ar leoraí RIC in iarthar Chontae an Chláir ar an 22ú de mhí Meán Fómhair 1920. Fuair sé phólín bás san ionsaí ach go gearr ina dhiaidh sin tháinig deich leoraí lán le saighdiúirí Briotanacha (agus iadsan ag lorg an giúistís Alan Lendrum agus é á mharú ag an IRA roimhe sin).

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtLuíochán Rínníne
Map
 52°52′49″N 9°24′22″W / 52.880392°N 9.406181°W / 52.880392; -9.406181
Cineálluíochán Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deCogadh na Saoirse Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana22 Meán Fómhair 1920 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhRinnín, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
TírÉire Cuir in eagar ar Wikidata


Cé go raibh dream mór saighdiúirí ag dul in ngleic leo, níor goineadh ach beirt óglaigh den IRA.[1] Theith na hóglaigh ón láthair agus chuaigh siad i bhfolach sa tír.

Mar dhíoltas don luíochán, rinne na fórsaí Briotanacha ruathar ar bhailte sa cheantar; fuair cúigear sibhialtach bás agus leagadh 16 fhoirgnimh go talamh.[1][2]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Ernie O'Malley (1982). "Raids and Rallies". Anvil: 77-87. 
  2. Padraig O Ruairc (2009). "Blood on the Banner, The Republican Struggle in Clare". Mercier: 169-171.