Banaltra naíonáin nuabheirthe Sasanach agus dúnmharfóir srathach is ea Lucy Letby (a rugadh ar 4 Eanáir 1990), a ciontaíodh i seachtar leanaí a dhúnmharú le linn na 2010idí.[1]

Infotaula de personaLucy Letby
Beathaisnéis
Breith4 Eanáir 1990
34 bliana d'aois
Hereford, England Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Chester - Bachelor of Science (Honours) (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmsraithmharfóir (2015–2016), altra cláraithe (2011–2018) Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirCountess of Chester Hospital (en) Aistrigh (2011–2018) Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Eile
Ciontaíodh idúnmharú (2023)
iarracht ar dhúnmharú (2023) Cuir in eagar ar Wikidata
Croineolaíocht
Meitheamh 2015-Meitheamh 2016Countess of Chester Hospital baby murders (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

Na híospartaigh cuir in eagar

Bhí cúpla agus dís tríríní i measc na naíonán a mharaigh sé. Mharaigh sí freisin beirt leathchúplaí as dhá chúpla éagsúla agus rinne sí iarracht an bheirt eile sa dá chúpla céanna a mharú.[1] B'fhéidir go bhfuil na híospartaigh seo an chuid is lú den scéal.[2]

Ní raibh aon chúis nádúrtha leis na leanaí a bheith ag dul in ainseal. Maíodh gur iomaí slí a bhí ag an mbanaltra leis na leanaí a dhonú agus a mharú. D'instealladh sí aer ina sruth fola agus ina mboilg, nimhíodh sí iad le hinslin, thugadh sí i bhfad an iomarca bainne dóibh agus d'ionsaíodh sí iad ar shlite eile chomh maith.[3]

Ospidéal Countess of Chester Hospital

Imeachtaí cuir in eagar

Tháinig ardú suntasach in 2015 agus arís in 2016 ar an líon naíonán tinn a bhí ag éirí níos tinne fós, gan choinne, sa bharda le haghaidh leanaí nuabheirthe san ospidéal Countess of Chester Hospital, Cheshire in iarthuaisceart Shasana.[3] Bhí Letby ag obair ann agus bhí cúpla duine in amhras fúithi ag an am. Ach d'iarr an bhainistíocht orthu "éirigh as an bhfústráil" [4] ar dtús. Faoi dheireadh, aistríodh í chuig obair chléireachais 'saor ó riosca' níos déanaí sa bhliain 2016.

I mí Eanáir 2017, b'éigean do na comhairleoirí péidiatraiceacha tarraingt siar go maolchluasach; b'éigean dóibh leithscéal scríofa gan náire a dhéanamh le Letby.[5]

Tamall ina dhiaidh sin, sa bhliain 2017, tháinig fianaise staitistiúil chun solais go raibh rud éigin amú.[6] Fós bhí an bhainistíocht ag gníomhú chun Letby a chosaint agus ní raibh na feidhmeannaigh ag iarraidh fios a chur ar na póilíní. Ach tháinig sé chun solais gurbh í Letby an t-aon duine amháin den fhoireann leighis a bhí ar dualgas sa bharda gach aon uair a d'éirigh naíonán an-tinn ar fad. I mí Bealtaine 2017, rinne na póilíní idirghabháil faoi dheireadh.[7]

I mí Lúnasa 2018, d'éirigh an feidhmeannach mórchumhachta Ian Harvey as, agus tháinig an Dr Susan Gilby isteach mar stiúrthóir.[8] Dúirt Harvey le Gilby ag an am, is cosúil, go mbeadh uirthi dul i dteagmháil le Comhairle na nDochtúirí Leighis chun gearán a dhéanamh faoi na lianna.

Ar 18 Lúnasa 2023 i Manchester Crown Court ,fuarthas Letby ciontach

Cóir cuir in eagar

Gabhadh Letby den chéad uair ar 3 Iúil 2018. Cuireadh tús le triail Letby i mí Dheireadh Fómhair 2002 agus phléadáil sí neamhchiontach sna cionta ar fad a bhí curtha ina leith.

Níor chuidigh na nótaí a fuarthas ina teach lena cás. I gceann de na nótaí a bhí scríofa ar bhileoigín aici, thug sí le fios gur mharaigh sí na naíonáin d'aon ghnó mar, dar léi, nár dhuine sách maith í chun aire a thabhairt dóibh. Scríobh sí gur dhuine olc a bhí inti agus nach raibh an bheatha shaolta seo tuillte aici. Ar 18 Lúnasa 2023 i Manchester Crown Court, fuarthas Letby ciontach i seachtar naíonán a dhúnmharú agus in iarracht a dhéanamh seisear naíonán eile a dhúnmharú in ospidéal i gcathair Chester. Mhaígh an t-ionchúiseamh sa triail gur dhuine fuarchúiseach í Letby a bhain mí-úsáid as breoiteacht na mbunóc a bhí faoina cúram lena cuid gníomhartha a cheilt.


Dhiúltaigh Letby teacht os comhair na cúirte nuair a gearradh an phianbhreith uirthi ar 21 Lúnasa. Bhí sé ordaithe go gcaithfeadh an bhanaltra an chuid eile dá saol sa phríosún, gan cead aici iarratas a dhéanamh ar pharúl as seo go deireadh a saoil. Feachtas cruálach, faltanasach agus fuarchúiseach in aghaidh leanaí soghonta a bhí ann, arsa an breitheamh. Ní raibh aon aiféala ar Letby agus ní raibh aon imthosca maolaitheacha ann, a dúirt sé.[1]

Fiosrúchán cuir in eagar

D'ordaigh Rialtas na Breataine go ndéanfaí fiosrúchán neamhspleách faoin gcás.[3]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 1.2 Nuacht RTÉ (2023-08-21). "Lucy Letby chun an chuid eile dá saol a chaitheamh i bpríosún" (as ga=IE). 
  2. Crime Scene 2 Courtroom / Youtube (2023). "Lucy Letby - How Many More Victims ?" (as en). 
  3. 3.0 3.1 3.2 Nuacht RTÉ (2023-08-18). "An bhanaltra Lucy Letby ciontaithe i seachtar leanaí a dhúnmharú" (as ga-IE). 
  4. "Hospital bosses ignored months of doctors' warnings about Lucy Letby" (en-GB). BBC News (2023-08-18). Dáta rochtana: 2023-08-19.
  5. Josh Halliday, Josh Halliday North of England correspondent (2023-08-19). "Doctors were forced to apologise for raising alarm over Lucy Letby and baby deaths" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2023-08-19.
  6. Bill Gleeson (2017-06-25). "Death rate at Countess of Chester maternity unit among highest in country" (en). CheshireLive. Dáta rochtana: 2023-08-18.
  7. Mark Duell (2023-08-21). "How hospital bosses refused to believe Lucy Letby was behind deaths". Mail Online. Dáta rochtana: 2023-08-22.
  8. David Holmes (2020-02-01). "Exclusive chat with Chester hospital boss Dr Susan Gilby" (en). CheshireLive. Dáta rochtana: 2023-08-19.