Lughaidh Gearmánach
Ba gharmhac Shéarlas Mhóir é Lughaidh Gearmánach, (ar a dtugtar freisin Lughaidh II nó Lughaidh an Bavárach), agus freisin ba é an tríú mac den Impire Lughaidh Cráifeach é agus a chéad bhean, Ermengarde.
Lughaidh Gearmánach | |||
---|---|---|---|
![]() | |||
| |||
Saol | |||
Eolas breithe | thart ar 806, 806 | ||
Bás | Frankfurt, 28 Lúnasa 876, 876 | ||
Áit adhlactha | Abbey and Altenmünster of Lorsch (en) ![]() | ||
Muintir | |||
Athair | Lughaidh Cráifeach | ||
Máthair | Ermengarde of Hesbaye | ||
Céile/Céilí | Hemma (en) ![]() | ||
Páistí | liosta iomláin | ||
Siblíní | liosta iomláin | ||
Treibh | Ríshlocht na gCairilínseach | ||
Gairm | |||
Gairm | monarc |
Bronnadh an t-ainmniú 'Germanicus' air go gairid i ndiaidh a bháis toisc go raibh an chuid is mó dá chríoch suite san tsean Germania.
Ceapadh é ina Rí na Baváire sa bhliain 817, ag leanúint cleachtais Shéarlas Mhóir, ríocht áitiúil a bhronnadh ar bhall den teaghlach agus ansin bheadh an té a bhí nuacheaptha aige mar cheann dá chuid leifteanaint agus gobharnóirí áitiúla. Nuair a dheighil Lughaidh Cráifeach, athair s'aige, ag deireadh a réimis sa bhliain 843, cheap sé é ina Rí na Ríochta Oir-Fhrancach, réigiún a bhí suite ar dhá thaobh na hEilbe, ón Iútlainn anoir aneas tríd Thüringer Wald (Gaeilge: an Fhoraois Thúraingeach) isteach chun na Baváire mar atá inniu ann, ó Chonradh Verdun sa bhliain 843 go dtí lá a bháis.