Ríshlocht na gCairilínseach
Ba theaghlach uasal Francach é Ríshliocht na gCairilínseach, a bhunaigh Charles Martell, de bhunús na gclann Arnulfing agus Pippinid den 7ú haois RCh. Neartaigh an ríshliocht a chumhacht san 8ú haois, agus ar deireadh thiar ag déanamh na hoifigí Méara an Pháláis agus Dux et Princeps Francorum oidhreachtúil, agus ar deireadh thiar d'éirigh leo bheith ina rialtóirí de facto de chuid na bhFranc mar na fíorchumhachtaí taobh thiar de ríchathaoir na Meirvínseach.Sa bhliain 751 cloíodh an Ríshliocht Meirvínseach, a rialaigh na Franc Gearmánach, le toiliú an Phápaíocht agus na huasaicme, agus coróiníodh Pépin Gearr, mac Mhartel, mar Rí na bhFranc. Shroich ríshliocht na gCairilínseach a bhuaicphointe sa bhliain 800 nuair a bhí Séarlas Mór mar an chéad Impire Rómhánach san Iarthar le breis is trí chéad bliain. Tar éis dó bás a fháil sa bhliain 814 thosaigh tréimhse fhada dhíscaoilte agus ilroinnte san Impireacht Chairilínseach as a thiocfadh éabhlóid Ríocht na Fraince agus Impireacht na Róimhe Naofa.
Sonraí | |
---|---|
Cineál | ríshliocht |
Rialachas corparáideach | |
Cuid de | Germanic peoples (en) |
Ainm
cuir in eagarGlacann Ríshliocht na gCairilínseach a ainm ó Carolus, ainm Laidine Charles Martel, rialtóir de facto Francia ó 718 go dtí a bhás. D'eascair an t-ainm "Cairilínseach" (Laidin Mheánaoiseacha:karolingi, ón fhoirm athraithe den Sean-Ghearmáinise Ard karling nó kerling, a chiallaíonn "de shliocht Charles" cf. MHG kerlinc ) [1][2] nó "teaghlach Charles."