Sa Rúraíocht, ba é Lughaidh Mac Cú Raoi (Sean-Ghaeilge Lugaid mac Con Roí) mac Cú Raoi mac Dáire. Bhí aithne air mar Lugaid mac Trí Con freisin. Ba mharfóir Cú Chulainn é

Teimpléad:WD Bosca Sonraí CarachtarLughaidh mac Cú Raoi
Cineálpearsa fhinscéalach
carachtar i miotaseolaíocht na nGael Cuir in eagar ar Wikidata
Comhthéacs
I saotharAn Rúraíocht agus The Death of Cohoolin Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta
Inscnefireann Cuir in eagar ar Wikidata
Muintir
AthairCú Roí Cuir in eagar ar Wikidata

Mharaigh sé Cú Chulainn mar dhíoltas as bás a athar, i mbun comhcheilge le Méabh agus clanna daoine eile a bhí maraithe ag Cú Chulainn. Agus a phutóga doirte amach ag ga Lughaidhe, cheangail Cú Chulainn é féin de ghallán (a deirtear gur Cloch an Fhir Mhóir[1] é) chun bás d'fháil ina sheasamh. Tháinig fiach dubh anuas ar a ghualainn, agus ansin amháin a bhí Lughaidh cinnte gur mharbh é. Agus Lughaidh i mbun a cheann a bhaint de, thit claíomh Cú Chulainn agus scoitheadh lámh Lughaidhe.

Chuaigh Conall Cernach sa tóir air agus i gcomhrac aonair leis. Agus lámh amháin in easnamh ag Lughaidh, throid Conall le lámh amháin craptha ina chrios aige. Bhuaigh sé ámh ach le cabhair a chapaill, a bhain greim as cliathán Lughaidhe. Thóg sé ceann Lughaidhe agus chuir ar chloch é. Leáigh a chuid fola an chloch agus luigh an ceann tríd.

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Clochafarmore Standing Stone, Voices from the Dawn