Ainm Sean-Ghaeilge is ea Dáire a thit i léig ag am moch, agus a glaodh ó shin go formhór ar phearsana seanscéalacha agus sinsearacha. Tháinig sé ar ais ar an bhfód san 18ú haois.

D'fhéadfadh an t-ainm a lua:

Pearsantú

cuir in eagar

Chreid Eoin Mac Néill[1] agus T. F. O'Rahilly gurbh ionann an chuid is mó, nó fiú uile, dóibh siúd luaite thuas, agus gur tháinig siad ón phearsa chéanna miotasach nó réamhstairiúil,[2] nó gur meascáin iad uile. De réir O'Rahilly, sa deireadh is ionann iad Dáire agus Cú Raoi,[3] ag luann sé é mar dhia an alltair.[4]

Sanasaíocht

cuir in eagar

Tá ciall idir gnéasúil ("torthúil, reithíocht") agus tumultuous ("violent"). The reconstructed form is *Dārios,[5] gaolmhar leis an nGallais Dari(o) ("fíoch, míre"), focal fianaithe go forleathan ar an mór-roinn, go háirithe d'ainmneacha pearsanta.[6]

Cine nó ríocht as deisceart Chontae Aontroma agus tuaisceart Contae an Dúin ab ea na Darini, de réir Geografaíocht den 2ú haois le Tolamaes.[7][8] Chreid Julius Pokorny ámh gur bhotún é seo in ionad Darioni, ón mbunfhocal *Dārio-nion, athchruthaithe óna Dáirine próta-stairiúla,[9] de shliocht Dáire Doimthech / Dáire mac Dedad, sinsir na Corcu Loígde. Ba shinsir iad chomh maith, de chuid ar a laghad, desna Dál Fiatach, muintir Fiatach Finn mhic Dáire, aitheanta mar an dream stairiúil, na hUlaid (< *Uluti / Uoluntii), a bhí de réir Tolamaes ina gcónaí in aice leis na Darini.

Lugaid Loígde

cuir in eagar

I seanscéalta na nGael, tá dlúth ghaol idir Dáire agus an laoch Lugaid Loígde.[10] De réir O'Rahilly, ba mhac Daire é — Lugaid mac Dáire]] mhic Dháire Doimhthigh — ach cuimhnítear anois go príomha é trína sliocht Lugaid mac Con. Is iad a phríomh-phearsantuithe eile ná Lughaidh Mac Cú Raoi mac Cú Raoi, agus is dócha Lughaidh na Riabh Dearg.

Féach freisin

cuir in eagar
  • Xavier Delamarre, Dictionnaire de la Langue Gauloise. Paris: Editions Errance. 2a eagrán, athbhreithnithe agus méadaithe. 2003.
  • James MacKillop, Dictionary of Celtic Mythology. Oxford University Press. 1998.
  • Eoin Mac Neill, Celtic Ireland. Academy Press. 1981 (athchló le réamhrá nua agus nótaí le Donnchadh Ó Corráin de bhun eagrán le Martin Lester Ltd, 1921).
  • Kuno Meyer (eag.), "The Laud Genealogies and Tribal Histories", in Zeitschrift für celtische Philologie 8 (1912), ll. 291–338.
  • Michael A. O'Brien (eag.) réamhrá le John V. Kelleher, Corpus genealogiarum Hiberniae. IALBÁC. 1976, páirt-eagrán digiteach: Donnchadh Ó Corráin (eag.), ginealaigh ó Rawlinson B 502. Coláiste na hOllscoile, Corcaigh: Corpus of Electronic Texts. 1997.
  • T. F. O'Rahilly, Early Irish History and Mythology. IALBÁC. 1946.
  • Julius Pokorny, "Beiträge zur ältesten Geschichte Irlands (3. Érainn, Dári(n)ne und die Iverni und Darini des Ptolomäus)", in Zeitschrift für celtische Philologie 12 (1918), ll. 323–57.
  • Whitley Stokes (eag. & aistr.), "Cóir Anmann (Fitness of Names)", in Whitley Stokes agus Ernst Windisch, Irische Texte mit Wörterbuch. Imleabhar 3, Cuid 1–2. Leipzig: Verlag von S. Hirzel. 1891 (1); 1897 (2), ll. 285–444.
  1. Mac Néill, ll. 61–2
  2. de réir Mac Néill, an dia Lugh ab ea é.
  3. O'Rahilly, lch. 49
  4. O'Rahilly, lch. 48
  5. O'Rahilly, ll. 2, 7
  6. Delamarre
  7. O'Rahilly, lch. 7
  8. Tolamaes, Geografaíocht, 2.1
  9. Pokorny, lch. 328; freisin O'Rahilly, lch. 7
  10. O'Rahilly, ll. 48 ff, 77 ff, 202