Lughaidh na Riabh Dearg

tiarna Éireannach

Sa Rúraíocht, ba Ard-Rí na hÉireann é Lughaidh na Riabh Dearg (Sean-Ghaeilge Lugaid Riab nDerg), mac na dtrí findemna agus a ndeirfiúr Clothru. Ba í Dearbhfhorghaill a bhean chéile.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí CarachtarLughaidh na Riabh Dearg
Cineálduine Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta
Inscnefireann Cuir in eagar ar Wikidata
Slí bheatha Cuir in eagar ar Wikidata
NáisiúntachtÉire Cuir in eagar ar Wikidata
Muintir
LánúinCloithre Cuir in eagar ar Wikidata
CéileDerbforgaill Cuir in eagar ar Wikidata
MáthairCloithre Cuir in eagar ar Wikidata
LeanaíCrimthann Nia Náir agus Aidlinn Cuir in eagar ar Wikidata
Daoine muintearthaEochu Feidlech Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
CúramArdrí na hÉireann Cuir in eagar ar Wikidata

Giniúint cuir in eagar

Gineadh Lughaidh de chiorrú coil. Bhí a aithreacha, na trí findemna Bres, Nár agus Lothar, i mbun cogaidh i gcoinne a n- athar le haghaidh Ard Ríogacht na hÉireann. Ar an oíche roimh an gCath Druimm Criaich, bhí imní ar a ndeirfiúr Cloithre go mbásfaidís gan oidhre. Mheall sí iad triúr agus gineadh mac, Lughaidh.[1][2][3]

Tá a bhuafhocal bunaithe an dá riabh dhearga thart ar a mhuineál agus a chom, á scaradh i dtrí srath: ós cionn a mhuiníl, bhí sé cosúil le Nár; idir a mhuineál agus a chom, Bres; ón gcom síos, Lothar.[4]

Tá ciorrú coil ann fós i scéal Lughaí: luigh sé féin le Clothru, agus rugadh Crimthann Nia Náir.[5]

Teacht i réim cuir in eagar

De réir Leabhar Gabhála na hÉireann, tháinig sé i réim tar éis idirríochta cúig bliana i ndiaidh bás Chonaire; sé bliana de réir Annála na gCeithre Máistrí.[6] Scoiltigh a athair altrama, laoch na nUladh Cú Chulainn, an Lia Fáil lena chlaíomh, toisc nár bhúir sé faoi Lughaidh. Níor bhúir sé arís choíche, ach amháin faoi Chonn Céadchatach.[7]

Coinbhleachtaí cuir in eagar

Rinne an draoi Eithne, iníon Eochaí Feidhil, tairngreacht go maródh í le mac a deirféar Clothru. Dá bharr, theith Ethne go Cruachan chun a mhac féin a thógáil chun saoil. Chuaigh Lughaidh ar a tóir, áfach, agus bháigh í. Ghearr sé a mac, Furbaide Fer-benn ad a broinn. In am trátha, in aois a 17, d'iarr sé díoltas a bhaint ar Lughaidh as bás a mháthar, agus mharaigh sé Clothru. Mharaigh Lughaidh Furbhaidhe dá bharr ar Shliabh Uillean.[8]

Is amhlaidh go bhfuil roinnt tréithe an scéil seo ar nós na tairngreachta go mbásfadh Lugh Lamhfhada, mac Eithne, a sheanathair, Balor Biordhearcach.

Pósadh cuir in eagar

Ba í a bhean chéile ná Derbhfhorghaill, iníon rí Lochlainne, a thit i ngrá ó chian le Cú Chulainn. Tháinig sí go hÉirinn ar a lorg, in éineacht lena handmaiden agus iad beirt i riocht ealaí, nasctha le slabhra óir. Chonaic Cú Chulainn agus Lughaidh iad ag eitilt thar Loch Cuan. Á ghríosú ag Lughaidh, chaith Cú Chulainn cloch thabhaill ina dtreo, a bhuail Derbhfhorghaill go broinn ann, agus thit an bheirt acu ar an trá i riocht ban. Chun a beatha a shábháil, bhí ar Cú Chulainn an chloch thabhail a dhiúl óna bolg. Mhaígh sí a ghrá dó, ach toisc go raibh a fuil blaiste aige, níorbh fhéidir leis de bharr geise í a phósadh. Instead, ghéill sé í go Lughaidh. Phós siad agus thóg siad clann.

Anbhásanna Dhearbhfhorghaille agus Lughaí cuir in eagar

I lár an gheimhridh lá, rinne fir na nUladh galláin sneachta. Chuaigh na mná in iomaíocht ar a chéile, chun a fhiosrú cé acu gurbh fhéidir mún is doimhne insna galláin agus dá bharr, cé acu ba mheallacaí. Shroich mún Derbhfhorghaill an talamh, agus ite le héad, d'ionsaigh na mná eile í, ag baint na súl aisti, ag scoitheadh na sróine agus na gcluas di, agus ag bearradh a cuid gruaige. Thug Lughaidh faoi deara an sneachta neamhleáite ar dhíon a tí, agus tuigeadh dó go raibh sí ar tí bás d'fháil. Chuaigh seisean agus Cú Chulainn faoin dheifir isteach, ach fuair sí bás tamall ina dhiaidh. D'éag Lughaidh de bhrón. Mar chúiteamh, leag Cú Chulainn teach na mban go talamh agus iad laistigh, agus mharaigh 150 (trí chaoga) dóibh.[9]

Roghanna eile cuir in eagar

B'fhéidir é gur mharaigh na Trí Rúadchinn Laigen iad Lughaidh (1), a bhí páirteach i mbás Conaire Mór fosta.[10]

Mhol Lucius Gwynn gurbh fhéidir gur meascadh Ard-Rí níos luaite darbh ainm Lugaid Réoderg (2) le mionphearsa eile na Rúraíochta.[11] Chreid T. F. O'Rahilly, áfach, nach raibh ann san bhuafhocal Riab nDerg ná truailliú de Réoderg,[12] agus nár dhaoine éagsúla iad (1=2).

Chreid O'Rahilly, thairis sin, gurb é Lughaidh Riabh Dearg ionchollú arís eile den laoch miotasach Lugaid mac Con (3, 1=2=3), a bhfuil gaol gar aige leis an ndream réamhstairiúil, na hÉrainn,[13] dream as deireadh na hIarannaoise a raibh i measc ardríthe na hÉireann ba luaite a bhí ann. Ba é Conaire Mór, réamhtheachtaí díreach Lughaí, ar cheann dár sliocht is cáiliúla.

Chuaigh O'Rahilly níos faide anonn: mhol sé gurbh ionann Lughaidh na Riabh Dearg (1) agus Lugaid mac Con Roí (4, 1=4), raibh buafhocal eile aige ná mac Trí Con, agus gurbh ionann é siúd agus Lughaidh Mac Con (1=2=3=4).[14]

Tá Lughaidh eile ann, sinsear Mhic Con, Lugaid Loígde (5).

Achar ama cuir in eagar

Bhí sé i réim ar feadh fiche, fiche cúig nó fiche sé bliana, ag brath ar fhóinse.

I bhfoinsí ar leith, faightear croineolaíochtaí ar leith dá réim:

Tagairtí cuir in eagar

  1. Joseph O'Neill (eag. & aistr.), "Cath Boinde", Ériu 2, 1905, ll. 173–185
  2. Edward Gwynn (eag. & aistr.), The Metrical Dindshenchas, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, 1906, Vol 4, Druimm Criaich Poem 13: Druimm Criach, ll. 43–57
  3. Vernam Hull, (eag. & aistr.), "Aided Meidbe: The Violent Death of Medb", Speculum lbh. 13, eagrán 1, Ean 1938, ll. 52–61
  4. Whitley Stokes (eag. & aistr.), "Cóir Anmann", Irische Texte sraith 3, lbh. 2, 1897, lch. 22
  5. R. A. Stewart Macalister (eag. & aistr.), Lebor Gabála Érenn: The Book of the Taking of Ireland Part V, Irish Texts Society, 1956, ll. 301-303
  6. Annála na gCeithre Máistrí M5165-5191
  7. Lebor Gabála Érenn §57
  8. [1]
  9. Carl Marstrander (eag. & aistr.), "The Deaths of Lugaid and Derbforgaill", Ériu 5, 1911, ll. 201–218
  10. T. F. O'Rahilly, Early Irish History and Mythology. Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath. 1946, lch. 119
  11. Trí Rúadchinn Laigen Gwynn, "De Sil Chonairi Móir", in Ériu 6 (1912): 130–43.
  12. O'Rahilly, lch. 486
  13. O'Rahilly, ll. 201-2
  14. O'Rahilly, ll. 486–7, 79–80
  15. Seathrún Céitinn, Foras Feasa ar Éirinn 1.37


Réamhtheachtaí
Conaire Mór
Ard-Rí na hÉireann
LGE 1ú haois AD
FFE 33–13 RC
ACM 33–9 BC
Comharba
Conchobar Abradruad