Crimthann Nia Náir

rí Éireannach

I Miotaseolaíocht na nGael, Ardrí seanscéalach na hÉireann ba ea Criomhthann Nia Náir (Sean-Ghaeilge Crimthann Nia Náir) mac Lugaid Riab nDerg. Deirtear gur chinn Lugaidh é ar a mháthair féin, Cloithre, iníon Eochada Fheidhleach.[1] Dá bharr, ba sheanmháthair agus máthair Criomthainne ab ea Cloithre.

Crimthann Nia Náir
Ardrí na hÉireann

Saol
NáisiúntachtÉire
BásBinn Éadair, 9
Muintir
AthairLughaidh na Riabh Dearg
MáthairCloithre
Páistí
liosta iomláin
Gairm
Gairm

Insítear i Leabhar Gabhála na hÉireann gur chuir sé an t-Ardrí Conchobar Abradruad as cumhacht, ach ní deirtear conas ar éirigh sé féin ina Ard-Rí. San fhoinse seo, tháinig Cairbre Cinnchait i gcomharbacht ar Chonchúr.[2]

Aontaíonn Seathrún Céitinn[3] agus na Ceithre Máistrí[4] gur tháinig Criomthann i gcomharbacht ar Conchúr mar Ard-Rí, agus go raibh sé i réim ar feadh sé bliana déag. Deirtear go ndeachaigh sé ar turas lena aintín Nár, bansidhe, ar feadh míosa is coicíse, agus gur fhill sé le maoine, ina measc carabad óraithe, clár óir fichille, fallaing óir-bhróídnithe, claíomh iontlaise le nathracha óir, sciath cabhartha le hairgead, ga agus crann tabhaill nár theip a dtargaid riamh, agus dhá chú le sleabhra airgid eatarthu. Ar ball beag tar éis a fhillte, thit sé dá chapall agus d'éag sé ag Binn Éadair. De réir Ceitinne, tháinig a mhac Feradach Finnfechtnach i gcomharbacht air, de réir na gCeithre Máistrí, ba é Cairbre Cinnchait a rinneadh ina rí.

Achar amaCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar

  1. A dictionary of Celtic mythology, James MacKillop, lch. 111
  2. R. A. Stewart Macalister (eag. & aistr.), Lebor Gabála Érenn: The Book of the Taking of Ireland Part V, Irish Texts Society, 1956, ll. 303-305
  3. Foras Feasa ar Éirinn, 1.37 - 1.38
  4. Annála na gCeithre Máistrí, M5192 - 9


Roimh
Conchobar Abradruad
Ard-Rí na hÉireann
FFÉ 12 RC – AD 5
ACM 8 RC – AD 9
Tar Éis
Cairbre Cinnchait
Feradach Finnfechtnach