Máire Nic Dhonnchadha

amhránaí ar an sean-nós as an gCeathrú Rua

Amhránaí ar an sean-nós as an gCaorán Mór ar an gCeathrú Rua ab ea Máire Nic Dhonnchadha (a d'éag ar an 1 Nollaig 2020). Bhí bua an cheoil ar an dá thaobh aici, ach is ó mháthair a hathar a fuair Máire go leor amhrán nuair a bhí sí óg.[1] Chuaigh sí go dtí an tOireachtas den chéad uair in 1962, agus bhuaigh sí príomhchomórtas amhránaíochta an Oireachtais (ar a dtugtar Corn Uí Riada anois) sa bhliain 1964.[1] Ina dhiaidh sin, thug sí duais speisialta don Oireachtas — Corn Mháire Nic Dhonnchadha — a bhronntar ar dhaoine nár bhuaigh aon duais amhránaíochta ag an Oireachtas cheana. Thaifead sí amhráin le Gael Linn, Comhaltas Ceoltóirí Éireann, agus RTÉ.

Infotaula de personaMáire Nic Dhonnchadha
Beathaisnéis
BreithAn Caorán Mór, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás1 Nollaig 2020

Ospidéal Thamhlachta, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaReilig Bharr an Doire Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheCluain Dolcáin
Teanga dhúchaisan Ghaeilge
Gníomhaíocht
Gairmamhránaí Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 Mac Con Iomaire, Liam (1997). "Conamara: An Tír Aineoil" (in ga). Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht. ISBN 1-900693-39-9.