Mártan Liútar agus frith-Sheimíteachas
Bhí an-tionchar ag Mairtín Liútar (1483–1546) ceannaire Reifirméisin Gearmánach, ar fhrith-Sheimíteachas na Gearmáine trí fhoghanna a thabhairt faoi na Giúdaigh.
Éabhlóid a chuid tuairimí
cuir in eagarD'athraigh dearcadh Liútair i dtreo na nGiúdach le linn a shaoil. Go luath, ina ghairm bheatha—go dtí thart ar 1536—léirigh sé údar imní faoi a gcruachás san Eoraip, agus bhí loinne dhíograise aige i dtaobh iad a iompú chun na Críostaíochta, tríd a chuid creidimh leasuithe.
Nuair nár éirigh leis, ina dhiaidh sin, cháin Liútar an Giúdachasachas agus mhol sé géarleanúint ghéar á himirt ar a lucht leanúna, ionas nach mbeadh cead acu dul ag teagasc. I mír dá chuid, san fhoilseachán Von den Jüden und iren Lügen (Gaeilge: ''Faoi na Giúdaigh agus a gcuid bréag'') scríobh sé gur mór an náire í teip na Críostaíochta iad a dhíbirt.[1] Thairis sin, chuir sé an cheist "Cad a dhéanfaidh Críostaithe leis na daoine eitithe agus damnaithe seo, na Giúdaigh.":[1]
- "Ar dtús, tine a chur ar a gcuid sionagóg nó a scoileanna … Tá sé seo le bheith déanta in onóir ar ár dTiarna agus ar ár gCríostaíocht, ionas go bhfeice Dia gur Críostaithe sinn …"
- "Sa dara háit, comhairlím go leagtar agus go scriostar a gcuid tithe freisin."
- "Tríú, comhairlím go dtógtar uathu a gcuid leabhar paidir agus gach scríbhinní Talmúdacha, óna dteagasctar dá leithéid agus íoladhradh, bréaga, mallachtaí agus diamhaslaí."
- "Ceathrú, comhairlím go gcuirtear cosc ar a gcuid raibithe a bheith ag teagasc as seo amach faoi phriacal a n-anamacha ..."
- "Cúigiú, comhairlím go gcuirtear deireadh le coimirce aistir go hiomlán do na Giúdaigh go sábháilte ar na mórbhealaí. Toisc nach bhfuil aon ghnó acu faoin tuath ..."
- "Séú, comhairlím go gcuirtear cosc ar úsaireacht orthu, agus go nglactar uathu a gcuid airgiad tirim agus taisce, idir ór agus airgead, go léir ..."
- "Seachtú, molaim go gcuirtear súiste, tuar, grafóg, spád, coigeal nó fearsaid i lámha na nGiúdach, óg láidir, idir fir is mnán agus go ligtear dóibh a n-arán a thuilleamh lena gcuid allais féin ... Ach má eagla orainn go bhféadfadh siad dochar a dhéanamh orainn nó ár mná céile, leanaí, seirbhísigh, eallach, srl., ansin go ligtear dúinn aithris a dhéanamh ar thuiscint choitianta na náisiúin eile amhail an Fhrainc, an Spáinn, an Bhoihéim, srl., ... ansin iad a díchuir go deo ón tír ... "
Luathbhlianta
cuir in eagarRinne Liútar a chéad trácht ar na Giúdaigh i litir a scríobh sé chuig an t-Urramach Georg Spalatin sa bhliain 1514 [2]:
Sa bhliain 1519, ceistigh Lútair an teagasca Servitus Judaeorum ("Sclábhaíocht na nGiúdach"), a seanbhunaíodh i Corpus Juris Civilis ag Iustinianus I ó 529-534. Scríobh sé: "Cosnaíonn diagairí áiféiseacha fuath ar na Giúdaigh. Cén Giúdach a cheadódh dul isteach in ár measc nuair a fheiceann sé an chruálacht agus an naimhdeas a bhrúann muid orthu - nach bhfuil muid cosúil le Críostaithe ach le beithígh inár n-iompar" [3]
Ina aiste sa bhliain 1523 Gur Giúdach ó dhúchas ab ea Íosa Críost Íosa, cháin Liútar drochíde chruálach i gcoinne na nGiúdach agus d'áitigh sé ar Chríostaithe caitheamh leo go cairdiúil. Ba í mian a chroí ná go gcluine na Giúdaigh an Soiscéal fógartha go soiléir agus go gcuire sin fonn orthu bheith ina Chríostaithe. Dá bhrí sin d'áitigh sé:. Ba é an fonn a bhí ag Luther ná go gcloífeadh na Giúdaigh an Soiscéal a fógraíodh go soiléir agus go ndéanfaí é a aistriú go dtí an Chríostaíocht.
Comhghríosú frith-Sheimíteach
cuir in eagarD'éirigh go rathúil le feachtas Liútir rathúil i gcoinne na nGiúdach san tSacsain, i mBrandenburg, agus san tSiléis. I mí Lúnasa 1536, d'eisigh Prionsa Liútir, Johann Friedrich I,Toghthóir na Sacsaine, sainordú a chuir na Giúdaigh faoi toirmiscthe ó bheith ina chónaí, ag dul i mbun gnó nó ag dul trína réimse. D'iarr an Schtadlan Alsáiseach, an Raibí Josel von Rosheim ar an leasaitheoir Wolfgang Capito chun dul i gcomhairle le Liútar le coinne a fháil leis an Phrionsa, ach dhiúltaigh Liútar gach idirghabháil.[4]
Mar fhreagra ar Josel, thagair Liútar ar a chuid iarrachtaí nár éirigh leo chun na nGiúdach a thiontú: "... Ba mhaith liom mo chuid is fearr a dhéanamh do do dhaoine ach ní chuirfidh mé le do cheanndánacht [ceanndánacht na nGiúdach] de réir mo chuid deaghníomhaíochtaí féin. Caithfidh tú idirghabhálaí eile a aimsiú le mo thiarna uasal.[5] Tugann Heiko Oberman faoi deara gur ócáid shuntasach í seo i ndearcadh Lútar i dtreo na nGiúdach: "Fiú sa lá atá inniu ann, is minic go measfar gurb é an diúltú seo an cor cinniúnach i ngairm Liútar ó chairdiúlacht go naimhdeas i dtreo na nGiúdach." [6]
Tagairtí agus nótaí
cuir in eagar- ↑ 1.0 1.1 "Luther, Martin", JewishEncyclopedia.com; cf. Luther's Works, American Edition, 55 vols., (St. Louis and Philadelphia: Concordia Publishing House and Fortress Press, 1955–86) 47:267.
- ↑ Martin Luther, "Luther to George Spalatin Curtha i gcartlann 2007-07-02 ar an Wayback Machine," in Luther's Correspondence and Other Contemporaneous Letters, trans. Henry Preserved Smith (Philadelphia: Lutheran Publication Society, 1913), 1:29.
- ↑ Luther quoted in Elliot Rosenberg, But Were They Good for the Jews? (New York: Birch Lane Press, 1997), p.65.
- ↑ Martin Brecht, Martin Luther (Minneapolis: Fortress Press, 1985–1993), 3:336.
- ↑ Luther's letter to Rabbi Josel as cited by Gordon Rupp, Martin Luther and the Jews (London: The Council of Christians and Jews, 1972), 14. According to [1] Curtha i gcartlann 2005-11-04 ar an Wayback Machine, this paragraph is not available in the English edition of Luther's works.
- ↑ Heiko Oberman, Luther: Man Between God and the Devil (New York: Image Books, 1989), p.293.