Is éard atá i gceist leis an méiseatóiriam ná an t-ainm a bhaist na fisiceoirí ar dhá núiclíd radaighníomhacha a bhaineann le meathshlabhra an tóiriam. Ní iseatóp de chuid an tóiriam atá i gceachtar den dá mhéiseatóiriam: is ionann méiseatóiriam a haon ná raidiam a 228, agus is é achtainiam a 228 an dara cineál méiseatóiriam.

Níl an téarma seo ciallmhar ó thaobh na ceimice de, agus ní raibh i gceist leis riamh ach focal as béarlagair na bhfisiceoirí adamhacha a fuair leathré agus saintréithe fisiceacha eile na núiclídí seo ní ba thábhachtaí ná na dúile ar bhain siad leo.