Achtainiam
Is é an t-achtainiam dúil cheimiceach uimhir a 89, agus is é is tús do shraith na n-achtanóideach i dtábla peiriadach na ndúl. Go ginearálta, is í maisuimhir an iseatóip is cobhsaí - 227 - a thugtar in áit mheáchan adamhach na dúile seo. Ba é André-Louis Debierne, ceimiceoir Francach, a d'aithin an t-achtainiam mar dhúil ar leith sa bhliain 1899. Tháinig an Gearmánach Friedrich Oskar Giesel ar an dúil chéanna cúpla bliain ina dhiaidh sin, agus bhaist sé eamáiniam air, ach sa deireadh, coinníodh ainm Debierne in úsáid, ó ba é an t-ainm ba sine é.
Substaint cheimiceach | dúil cheimiceach agus dúil radaighníomhach |
---|---|
Achtainiam sa tábla peiriadach | |
Siombail cheimiceach | Ac |
Uimhir adamhach | 89 |
Mais adamhach | 227.028 |
Peiriad, Grúpa | grúpa 3 peiread 7 |
Airíonna fisiceacha | |
Dlús | kg/m⁻³ |
Leictridhiúltacht | 1.1 |
Ga ianach | 112 |
Stair | |
Aimsitheoir | André-Louis Debierne |
Fionnachtain | 1899 |
Eapainm | light beam (en) |
Miotal lonrach é an t-achtainiam, agus é chomh radaighníomhach is go bhfuil luisne ann a fheictear sa dorchadas. Is í an radaighníomhaíocht a thabhaigh a ainm don achtainiam. Is é 227Ac an t-iseatóp is cobhsaí, agus níl sé féin róchobhsaí, nó níl sé 22 bhliain ar leathré. Ó thaobh na ceimice de, tá sé an-chosúil leis an lantanam, agus is í an uimhir ocsaídiúcháin is coitianta atá aige ná +3.
Úsáidtear achtainiam mar fhoinse radaíochta, agus sin í an t-aon úsáid amháin is féidir a bhaint as dúil chomh radaighníomhach sin, dáiríre.
Tagairtí
cuir in eagarIs síol faoin substaint cheimiceach é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |