Is adaimh iad iseatóip a bhfuil an uimhir adamhach chéanna ach maisuimhir éagsúil acu (tá an líon céanna prótón ach líon éagsúil neodrón acu). Ós é líon na bprótón a shocraíonn líon na leictreon san adamh agus, dá réir sin, na tréithe ceimiceacha, is ionann tréithe ceimiceacha na n-iseatóp agus mar sin, is í an dúil chéanna atá i gceist leis na hiseatóip.

Tá trí iseatóp nádúrtha ag an hidrigin:
próitiam: 1 prótón, 0 neodrón <br\>deoitéiriam: 1 prótón, 1 neodrón<br\>tritium: 1 prótón, 2 neodrón. <br\>Iseatóip chobhsaí iad an deoitéiriam agus an próitiam, ach is raidiseatóp é an tritiam. Tagann béite-mheath radaighníomhach air agus claochlaíonn na hadaimh tritiam go hadaimh héiliam, 3He.

Cuid de na hiseatóip bíonn siad cobhsaí, ionas nach féidir radaighníomhaíocht ar bith a aithint orthu. Tugtar raidiseatóip ar na hiseatóip radaighníomhacha. Is núiclídí éagobhsaí iad, is é sin, tá sé de chlaonadh iontu athrú go núiclídí eile - go dúile eile - trí cháithnín a astú, ionas go n-athróidh líon na bprótón agus/nó na neodrón sa núicléas. Tagann meath radaighníomhach den chineál seo ar an raidiseatóp de réir na dóchúlachta is dual dó féin, agus mar sin, is féidir leathré gach raidiseatóp a aithint is a shainiú. An núiclíd nua a ghinfear sa phróiseas seo, is féidir di bheith cobhsaí nó radaighníomhach.

An chuid is mó de na hiseatóip atá le fáil sa dúlra inniu, tá siad cobhsaí, nó tá an Domhan chomh sean is go raibh d'am ag na raidiseatóip meath a dhéanamh agus claochlú go núiclídí cobhsaí. Na dúile is troime dá bhfuil sa dúlra, áfach, cosúil leis an úráiniam nó leis an tóiriam, níl iseatóip chobhsaí acu ar aon nós, ach san am chéanna tá a gcuid iseatóp nádúrtha chomh fadsaolach ó thaobh na leathré de agus go bhfuil iarsmaí díobh fágtha ann i gcónaí.

De réir na tuisceana atá againn inniu, is í an luaidhe (dúil cheimiceach a 92) an dúil is troime (is é sin, an dúil is airde uimhir adamhach) a bhfuil iseatóip chobhsaí aici. Tá ceithre iseatóp cobhsaí ag an luaidhe.

Nuair a thráchtar ar na hiseatóip sa ghnáthchaint, is minic a bhítear ag tagairt do na raidiseatóip shaorga a mbaintear éagsúlacht úsáide astu sa teicneolaíocht. Mar shampla, is féidir úsáid a bhaint as na raidiseatóip (nó as iseatóip neamhghnácha eile) mar rianairí le sreabh na dúile i meitibileacht duine nó i gcóras teicniúil a aithint. Is féidir freisin raidiseatóip a úsáid mar fhoinsí fuinnimh (cadhnra adamhach, gineadóir iseatópach). Bíonn a lán spástaiscéalaithe ag brath ar na raidiseatóip le haghaidh fuinnimh, mar shampla.

Baintear úsáid as mais-speictriméadar le maiseanna adamhacha cruinne a fháil trí na maiseanna agus líonmhaireachtái coibhneasta iseatóp adaimh a thomhas. I mais-speictriméadar, déantar iain dheimhneacha de cháithníní, déantar luasghéarú orthu agus ansin déantar iad a shraonadh le leicteamaighnéad. An chonair ian atá ann mar gheall air seo, tá sí ag brath ar a gcóimheas ‘mais le lucht’ (m/z). Cé gur baineadh úsáid as ar dtús le maiseanna adamhacha coibhneasta cruinne a aimsiú, baintear úsáid as mais-speictriméadracht go forleathan anois le maiseanna foirmle choibhneasta comhdhúile anaithnide a aimsiú (m.sh. san eolaíocht fhóiréinseach) lena sainaithint.

Féach freisin cuir in eagar